
Ba é ceann de na laethanta a ba spreagúla, in áras Raidió Fáilte, dár fhreastail muid riamh ann Dé Luain an 3 Feabhra. Mar is ar mhná cróga agus misniúla Ghaeltacht Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste, a bronnadh Gradam Raidió Fáilte a rinne an méid is mó chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
Ar theacht isteach dúinn ba dheacair cur síos ar an fhuadar a bhí le brath sa tseomra. 20 bean agus, a bpáistí fosta agus garpháistí agus 20 crobhaing bláthanna cumhra agus an bia thar a bheith blasta. Ba iad mo sheanchairde agus mo laochra ón tús iad.
Cad chuige an ndearna Raidió Fáilte cinneadh, tri bliana ó shin, le gradam spéisialta a thabhairt do mhná? Deir Cillian Breathnach, bainisteoir an stáisiún, gur léir doibh gur fir is mó a bhuaigh duaiseanna agus go raibh mná ag fanacht sa chúlra, gan aird na meán orthu mar ba chóir a bheith. Tá sin réitithe anois.
Tá clú agus cáil ar thógáil Bhóthar Seoighe in 1969 fud fad na tire. Ar ndóigh eascraíonn éacht amháin ón obair chruaidh a chuir an ghlúin roimpi isteach.
Óir is ag Cumann Chluain Aird, sna caogáidí agus na seascáidí, a tháiníg Gaeilgeoiri agus foghlaimeoirí le chéile le himeachtaí sóisialta agus cultúrtha a bhlaisiú tri mheán na teangan.
Ach mhothaigh siad go raibh rud éigin in easnamh. Ba mhaith leo a bheith ag caint Gaeilge i rith an ama agus go dtiocfaí sin a dhéanamh trí thithe a thógáil fá choinne na gclann.
Ach i dtús báire, bheadh orthu clann a thógáil! Rinneadh sin go héasca, mar bhí na hógánaigh sin ag titim i ngrá lena chéile agus b’fhéidir an cinneadh ba thábhachtaí a ghlac siad ná go bpósfadhsiad duine a raibh Gaeilge acu, nós a atá imithe i léig ó shin.
Tá neart scriofa faoi na fir, agus é sin tuillte acu, ach i bhfad níos lú faoi na mná iontacha seo a d’oibrigh go dian ar achan ghné, ó bheith ag tiomsnú airgid, pleánáil na dtithe agus pleanáil Bhunscoil Phobal Feirste, ag teagasc sa scoil, ag aistriú ábhar teagaisc ó Bhéarla agus ansin, ag dul abhaile le dinnéar a dhéanamh don teaghlach. Ach b’fhéidir an rud ba dheacra agus ba shúntasaí ba ea cothú luachanna pobail agus grá a chothú don Ghaeilge.
Maith domh as cúpla bean a lua go sonrach, agus sin leis an stair a mhíniú. Glac Caitlín an gradam thar ceann Áine Nic Aindriasa nach maireann, ach ba íÁine a d’aistrigh The Hobbit agus Lord of the Rings go Gaeilge le léamh leis na páistí sa scoil. Ba í Caitlín Nic Carráin an dara muinteoir sa scoil agus bhí Anna Nic an Iolair ina priomhoide sa bhunscoil. Máire Nic Diarmada a bhunaigh an Naíscoil.
Thosaigh an scoil le 9 bpáiste as 5 theaghlach. Anois tá naiscoil agus bunscoil in oirthear Bhéal Feirste fosta agus tá 7,000 dalta sa Ghaelscolaíocht i dTuaisceart Éireann.
Cad é a deir siad sa tSín? “Tosaíonn turas míle miíle le céim amháin.
Ba í an Dr Gabrielle Nic Uidhir, a rinne dochtúireacht ar thogra Bhóthar Seoighe, a labhair fúthu, ag tabhairt aird, mar a rinne a lán daoine, ar na caidrimh idir daoine a bheith ar an rud a ba thábhachtai, fiú níos mó ná an Ghaeilge féin.