Pádraig de Burca

Idir an tseanchloch agus an sruth digiteach: 2025, bliain sna healaíona 

Agus deireadh na bliana 2025 sroichte againn, is léir go bhfuil earnáil na n-ealaíon in Éirinn tar éis teacht slán as tréimhse éiginnteachta le fuinneamh úr. Ba bhliain í inar fhill an earnáil ar an stair, ó oidhreacht amhairc Harry Clarke go cuimhní ceoil na bliana 1975, chun léargas níos fearr a fháil ar an lá inniu. Ó rince fisiciúil an Iarthair go dtí forbairt na bpodchraoltaí, ba bhliain í inar daingníodh áit na Gaeilge i gcroílár an chultúir chomhaimseartha.

An stáitse: BÁN agus Teac Damhsa

Ba í an amharclann ceann de na hardáin ba thábhachtaí don chruthaitheacht in 2025. Sa chomhthéacs sin, sheas BÁN, a cuireadh ar an stáitse san Amharclann Náisiúnta, an Mhainistir, amach mar shaothar a chuir an faisisteachas i gcroílár an phlé shóisialta. Trí theanga láidir, íomhánna cumhachtacha agus cur chuige neamhchoitianta, rinne an léiriú iniúchadh ar cheisteanna cine, féiniúlachta agus imeallaithe. 

Ag an am céanna, thug Michael Keegan-Dolan agus Teac Damhsa aghaidh ar chuimhne phearsanta agus stairiúil leis an léiriú 1975. Ina stiúideo nua sa Daingean a léirigh an comhlacht damhsa an ceiliúradh ar cheol an Bothy Band ó leathchéad bhliain ó shin. Ba léiriú corparth, dian a bhí ann, inar úsáideadh gluaiseacht agus rince chun nasc soiléir a chruthú idir an corp, an talamh, an ceol agus an stair. Thar 5 oíche rinne cúigear rince i gcuimhne ar cheol ó chaoga bliain ó shin.

Teip: Mar is minic le saothair Teac Damhsa, bhí an t-éileamh ar thicéid i bhfad níos mó ná an soláthar. Bhí frustrachas ar dhaoine nach raibh ach líon teoranta taibhithe sna hionaid réigiúnacha, rud a léiríonn an gá le níos mó infheistíochta i dturais ealaíne náisiúnta.

Na glórtha nua: podchraoltaí agus raidió

Lean forbairt shuntasach ar chraoltóireacht Ghaeilge in 2025, go háirithe ar ardáin dhigiteacha. D’éirigh leis an bpodchraoladh How to Gael lucht éisteachta nua a mhealladh trí chur chuige neamhfhoirmiúil agus greannmhar. Léirigh an rath sin go bhfuil spéis mhéadaithe sa Ghaeilge nuair a chuirtear i láthair í ar bhealach nádúrtha agus comhaimseartha.

Ar Raidió na Gaeltachta féin bhí rath ar an gcomórtas Laoch na nGael, inar cuireadh scéalta daoine a bhfuil tionchar domhanda nó pobail ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht chun cinn ar an gclár Tús Áite le Fachtna Ó Drisceoil. Bhuaigh Pádraig Mac Piarais (creid é nó ná creid) an teideal Laoch na nGael, ach bhí an géarchomórtas idir daoine atá fós linn agus daoine atá imithe le fada iontach suimiúil.

An nasc idircheilteach: Lorient 2025

Ba bhuaicphointe idirnáisiúnta don bhliain rannpháirtíocht na hÉireann ag Féile Idircheilteach Lorient sa Bhriotáin. Ar ardán a mheall sluaite móra, cuireadh cultúr na hÉireann i láthair mar chuid de thraidisiún Ceilteach níos leithne.

Bhí Flook agus Bláth ó Éirinn agus Alan Stivell ón mBriotáin i measc na n-ealaíontóirí a sheas amach. Tríd an meascán de rithimí traidisiúnta agus fuinneamh comhaimseartha, léirigh siad cumas an cheoil Cheiltigh teacht i bhfeidhm ar lucht éisteachta idirnáisiúnta. Thug Lorient 2025 léargas soiléir ar mheas leanúnach atá ag pobal na hEorpa ar chultúr na hÉireann.

An oidhreacht amhairc: Harry Clarke

Bhí an taispeántas mór ar shaothar Harry Clarke sa Ghailearaí Náisiúnta ar cheann de na mórimeachtaí ealaíne den bhliain. Le teicnící soilsithe nua cuireadh saothar Clarke i láthair ar bhealach a léirigh mionsonraí agus dathanna nach raibh chomh follasach roimhe seo. Léirigh an freastal poiblí láidir go bhfuil suim fós ag an bpobal san ealaín chlasaiceach agus sa cheardaíocht mhionchúiseach.

Teip: Cé go raibh an taispeántas go hálainn, bhí díospóireacht ann faoin easpa nascachta le healaíontóirí gloine comhaimseartha na hÉireann, a bhraitheann go bhfuil a gceird féin faoi bhagairt in 2025.

Litríocht, filíocht agus drámaíocht

Buaicphointe: Bliain na nduaiseanna ab ea í do na filí. Chonaic muid buaiteoirí duaiseanna móra, cosúil le Doireann Ní Ghríofa, ag tabhairt litríocht na Gaeilge go dtí an leibhéal is airde san Eoraip. I saol na drámaíochta, bhí an léiriú nua de An Fathach Leithleasach ó Wilde sa Taibhdhearc ina shampla iontach de dhrámaíocht shimplí nua-aimseartha a mheall sluaite móra i nGaillimh.

Teip: Costas na leabhar agus na n-irisí liteartha. Tá sé ag éirí níos deacra do scríbhneoirí nua a gcuid oibre a fhoilsiú de bharr laghdú ar dheontais d’fhoilsitheoirí neamhspleácha.

Brón: Cailleadh neart údar agus filí i rith na Bliana. Bhí sé go hálainn an leabhar is déanaí ó Manchán Magan, 99 Words for Rain and 1 for Sun, ag buachan leabhar foilsithe in Éirinn na bliana ó An Post. Ach chailleamar an laoch seo sula raibh sé in ann glacadh leis an duais. Suaimhneas síoraí dó.

Na dúshláin leanúnacha

In ainneoin na mbuaicphointí sin, tháinig dúshláin shoiléire chun cinn i rith na bliana. Lean dúnadh stiúideonna agus spásanna neamhspleácha de bharr brú airgeadais, agus spreag praghsanna arda ticéad plé faoi inrochtaineacht. Is ceisteanna struchtúrtha iad seo nach féidir neamhaird a dhéanamh díobh.

Léirigh 2025 go bhfuil cumas agus cruthaitheacht ag na healaíona in Éirinn, agus go bhfuil an Ghaeilge in ann feidhmiú go muiníneach ar ardáin áitiúla agus idirnáisiúnta araon. Ach ní leor an rath sin a cheiliúradh. Gan tacaíocht fhadtéarmach, spásanna inbhuanaithe agus polasaithe soiléire cultúrtha, beidh an dul chun cinn sin leochaileach.

Is infheistíocht sa tsochaí agus san anam í an ealaín. Más mian linn cultúr bríomhar, oscailte a chothú amach anseo, caithfear gníomhú go stuama anois.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.