U-chasadh an rialtais i dtaobh árasán ach éiginnteacht fós ann

Eoin Ó Murchú

Tá an rialtas ag déanamh athmhachnamh ar na rialacha atá á moladh acu i dtaobh árasán, a méad agus sonraí eile.

Dúirt lucht cáinte na scéime go mbeadh árasáin níos lú agus níos dorcha mar gheall ar na hathruithe a fógraíodh, agus go mbeadh laghdú ar éifeacht rialacha sábháilteachta freisin.

Nuair a tugadh na rialacha nua isteach dúirt an rialtas go raibh an t-athrú riachtanach toisc go raibh cistí infheistíochta ag imeacht ón earnáil, agus go raibh laghdú ar líon na n-arasán a bhí á dtógáil.

Mar chuid den scéim nua, mar aon leis na hathraithe i dtaobh caighdeáin na n-árasán, thug an rialtas faoiseamh cánach do thógálaithe agus mhol siad athruithe maidir leis na srianta ar árasáin ar cíos.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!