Borradh mor i líon na nÚcránach óg ag teitheadh ón tír

Eoin Ó Murchú

Tá alltacht ar fud an Aontais Eorpaigh mar gheall ar an líon fear in aois troda atá ag teitheadh ón Úcráin agus ag lorg tearmainn i mballstáit an Aontais Eorpaigh. Tá borradh ollmhór i líon na bhfear óg ón Úcráin ag teitheadh chun an Aontais Eorpaigh, go háirithe ó thug rialtas Zelenskyy cead do dhaoine idir 18 agus 22 imeacht ón tír.

Is féidir fir a choinscríobh isteach san arm in aois a 25 bliain agus os a chionn, agus tá a lán teaghlach ag cur a mac thar sáile sula mbaineann siad an aois sin amach le nach gcoinscríobhfar iad.

Is cuimhin linn in Éirinn an scéal tragóideach faoi Vadym Davydenko a maraíodh agus é faoi chúram Tusla. Bhí sé beagnach 18 mbliana d’aois agus chuir a mhuintír go hÉirinn é mar bhí faitíos orthu go gcoinscríobhfar é mar, ag an am, ní raibh cead ag fir os cionn 18 imeacht.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!