Plean síochana don Úcrain

Eoin Ó Murchú

Tá scéim síochána Stáit Aontaithe Mheiriceá chun deireadh a chur le cogaíocht san Úcráin tar éis freagairt mhíshásta a fháil ó ghríosóirí an chogaidh san Aontas Eorpach agus sa Bhreatain. Géilleadh iomlán don Rúis a thugtar ar an bplean, amhail is gur féidir neamhní a dhéanamh de bhua na Rúise ar an láthair throda. 

Cé go n-aithníonn na Stáit Aontaithe go drogallach go bhfuil Ecat tar éis an cogadh seo a chailleadh, níl na hEorpaigh in ann é seo a admháil, agus bíonn siad ag lorg bealach ar bith chun leanúint leis an gcogadh agus a n-íomhá a shábháil ar chostas shaol na nÚcránach.

In ainneoin a mbhladhmainn ar fad, áfach, níl aon phlean acu ach Meiriceá a mhealladh ar ais sa chogadh. Gan na Stáit Aontaithe, ní tada iad agus nochtar gur seachmall ag an Eoraip é a cheapadh go bhfuil cumhacht impiriúlach acu i gcónaí.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!