Foilsíodh an dara scagadh comhionannais ag tús na seachtaine maidir le Mórstaisiún Lárnach Bhéal Feirste
De réir athbhreithniú a rinneadh in Stormont ní chuirfidh comharthaíocht Ghaeilge isteach ar an Bhéarla agus ní dhéanfaidh sí a bheag de ach oiread.
Tá cás cúirte ar bun faoi láthair agus achrann ar siúl idir an tAire Bonneagair Liz Kimmins agus polaiteoirí aontachtacha.
Dúirt an t-athbhreithniú is déanaí gur féidir leis na pleananna tionchar beag dearfach agus diúltach a imirt ar ghrúpaí difriúla.
Ach dúirt an t-athbhreithniú nach ndéanfaidh úsáid na Gaeilge a bheag de chearta faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta dóibh siúd a bhfuil féiniúlacht Bhriotanach acu.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!