
Grianghraf: Florian Christoph – Flickr/Wikipedia
Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.
Le blianta beaga anuas tá clú agus cáil ar Ruagairí na Seamróige mar gheall ar an rath a thuill siad in Éirinn. San alt seo foghlaimeoimid faoi stair an chlub agus firicí suimiúla eile a bhaineann leis.
Níl dáta soiléir againn maidir le bunú Ruagairí na Seamróige. Creidtear gur in 1901 a bunaíodh an club, ach deir roinnt daoine atá bainteach leis an gclub gur bunaíodh é in 1899, agus is é sin dáta oifigiúil bhunú an chlub. Sa lá atá inniu ann tá an club lonnaithe i dTamhlacht, ach bhí siad lonnaithe i gcúpla áit sular aimsigh siad a mbaile nua i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Nuair a bunaíodh an club bhí siad lonnaithe sa Rinn. Ó 1926 go 1987 d’imir siad a gcluichí i mBaile an Mhuilinn i stad darb ainm Páirc Ghleann Molúra. Stad réasúnta mór a bhí ann. Bhí 20,000 duine in ann a bheith i láthair ag aon uair amháin. Scriosadh an stad go conspóideach in 1987 agus bhí lucht leanúna an chlub ag déanamh agóidíochta chun an club a chóiméad i mBaile an Mhuilinn. Anuas ar shacar bhí neart spóirt eile ar siúl i mBaile an Mhuilinn, luthchleasaíocht agus rugbaí mar shampla.
Bhí ar an gclub bogadh ó áit go háit go dtí 2009 nuair a bhog siad go Tamhlacht. Sa lá atá inniu ann imríonn siad a gcluichí baile i Staid Thamhlachta agus is leis an lucht leanúna an club. Is le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an stad áfach. Is iad Ruagairí na Seamróige an club is rathúla sna 26 contae. Bhuaigh siad Sraith na hÉireann 21 uair agus bhuaigh siad Corn Chumann Peile na hÉireann 25 uair. Ba iad na Ruagairí an chéad club ó na 26 chontae ó bunaíodh an stát le himirt i gcomórtas Eorpach.
Ceisteanna buntuisceanna
- Cén áit a bhfuil an club lonnaithe?
- Cá raibh siad lonnaithe ar dtús?
- Scríobh dhá phíosa eolais faoin am a raibh an club lonnaithe i mBaile an Mhuilinn.
- Cé leis Staid Thamhlachta?
- Scríobh dhá phíosa eolais maidir leis na éachtaí a bhain an club amach.