Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Is í Páirc an Chrócaigh ceanncheathrú Chumann Luthchleas Gael. Is staid mhór mhillteach í, suite i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Osclaíodh Páirc an Chrócaigh ar láthair fhaiche spóirt Bhóthar Mhic Sheoin, páirc luthchleasaíochta a cheannaigh an CLG in 1913. Sular ceannaíodh an láthair imríodh cluichí ceannais ar fhaiche spóirt Bhóthar Mhic Sheoin minic go leor idir 1895 agus 1912 Ainmníodh an staid in onóir phátrún CLG, an tArd-Easpag Tomás Cróc.
In 1913 ní raibh ach dhá ardán ar feadh thaobh Bhóthar Mhic Sheoin den fhaiche. Tá miotas ann gur tógadh Cnoc 16 as brablach ó Éirí Amach 1916. Ach is é an fhírinne gur Cnoc 60 an t-ainm a bhí air i dtosach báire, ainmnithe as cnoc in Gallipoli sa Tuirc, áit a raibh Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath i gcath fuilteach sa Chéad Cogadh Domhanda. Rinneadh cinneadh sna 1930í nach raibh sé oiriúnach cuid de pháirc an Chrócaigh a bheith ainmnithe as aonad Éireannach d’arm na Breataine, agus cuireadh Cnoc 16 air chun é a cheangal leis an Éirí Amach
I rith Chogadh na Saoirse tharla sléacht i bPáirc an Chrócaigh nuair a chuaigh na Dúchrónaigh ar an bpáirc agus mharaigh siad trí dhuine dhéag, beirt imreoirí ina measc. Tugtar Domhnach na Fola ar an eachtra seo.
Rinneadh nuachóiriú ar Pháirc an Chrócaigh i rith na mblianta, agus sa lá atá inniu ann is í an ceathrú staid is mó san Eoraip í. Níl ach Staid Wembley i Londain, Staid Bernabéu i Maidrid, agus an Camp Nou in Barcelona atá níos mó. Tá 82,300 duine in ann a bheith i láthair ag cluichí Gaelacha i bPáirc an Chrócaigh.
Anuas ar chluichí Gaelacha bíonn ceolchoirmeacha, rugbaí, agus sacar ar siúl i bPáirc an Chrócaigh.
Ceisteanna buntuisceana
- Scríobh dhá phíosa eolais faoi fhaiche spóirt Bhóthar Mhic Sheoin.
- Cé ar ainmníodh an staid as?
- Scríobh píosa amháin eolais faoi Chnoc 16.
- Céard a tharla i bPáirc an Chrócaigh le linn Chogadh na Saoirse?
- Cé mhéad duine atá in ann freastal ar chluiche i bPáirc an Chrócaigh?
- Céard eile a bhíonn ar siúl ann?