Givan faoi bhrú agus scoilteanna le feiceáil sa tionól

Tá an tAire Oideachais faoi bhrú agus ceisteanna á bhfreagairt aige faoina juncaed go hIosrael

Jack Mac Íomhair 

Is é Paul Givan an scéal is mó sna sé chontae an tseachtain seo. Ní mar gheall ar aon chinneadh a ghlac sé faoin oideachas, nó aon rud a rinne sé sna sé chontae. Tá sé i mbéal an phobail mar gheall ar a thuras go hIosrael.

Dúirt an tAire Oideachas go raibh sé ar shiúl go hIosrael ar chuairt bailithe eolais leis an fheisire parlaiminte de chuid an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonláthaigh (PAD) Sammy Wilson, Steve Aiken ó Pháirtí Aontachtach Uladh (PAU), agus comhairleoir de chuid Ghlór Traidisiúnta na nAontachtaithe (GTA) Ron McDowell. 

Cé go raibh déistin i measc an phobail nuair a fógraíodh an turas, chuir an Roinn Oideachais postáil in airde ar shuíomh na roinne i ndiaidh do Givan cuairt a thabhairt ar Scoil Ofek. Tá Scoil Ofek lonnaithe in oirthear Iarúsailéim i gcríocha atá faoi sheilbh go mídhleathach ag Iosrael. Ní aithníonn rialtas na Ríochta Aontaithe ná Rialtas na hÉireann na críocha sin.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.