
Trump venit! Trump cidit! Sed non vincit!
Tháinig Trump. Chonaic Trump. Ach níor bhuaigh sé, mar in ainneoin an bhladhmainn ar fad agus in ainneoin na mbagairtí ghéill Trump don tSín sna cainteanna trádála idir an dá thír.
Ní hé sin le rá nach ndéanfadh sé iarracht eile, ach is é firinne an scéil go raibh cárta fíorláidir ag an tSín agus ba é sin dúile tearcithreach. Tá na próisis déantúsaíochta ar fud an domhain, i Meiriceá agus san Eoraip go háirithe, ag brath ar dhúile tearcithreach, go háirithe i dtaobh ríomhairí agus uirlisí cogaidh. Agus is ag an tSín móramh mór na ndúl tearcithreach atá ann. Ag an Rúis atá an dara méid is mó.
Mar fhreagra ar na taraifí a chuir Meiriceá ar earraí ón tSín chuir an tSín stop le honnmhairiú dúl tearcithreach ní hamháin go Meiriceá ach go dtí an tAontas Eorpach freisin.
Mar rabhadh ghabh rialtas na hÍsiltíre seilbh ar Nexperia, comhlacht a raibh infheistíocht mhór ón tSín ann, ach comhlacht a chruthaíonn páirteanna tábhachtacha don tionscal carranna. Chuir an tSín stop ar dhúilí tearcithreach a onnmhairiú chun an Aontais Eorpaigh láithreach. Tá comhlachtaí carranna sa Ghearmáin i gcruachás mar gheall air seo.
Mar chuid den socrú a rinne Trump le Xi Jinping na Síne, laghdaíodh taraifí Meiriceánacha ar earraí Síneacha agus chuir an tSín an cosc ar onnmhairiú dúl tearcithreach ar leataoibh.
Mhaigh Trump ag an am go mbeadh deireadh freisin leis an gcosc i dtaobh na hEorpa, ach ní hamhlaidh atá. Anois tá cainteanna trádála ar siúl idir an tAontas Eorpach agus an tSín, ach ag leibhéal i bhfad níos ísle ná na cainteanna idir Meiriceá agus an tSín.
Tá an tSín ag cur in iúl don Eoraip nach féidir leo téarmaí a fhógairt don tSín, agus go gcaithfidh siad glacadh le cibé socrú a oirfeas don tSín.
Ar ndoigh, ní theastaíonn ón tSín geilleagar na hEorpa a scrios mar teastaíonn uatha a dtairgí a dhíol ann nuair nach féidir leo iad a dhíol go hinmheánach.
Gan aon dabht beidh ar an Eoraip, agus ar an Ísiltír, géilleadh maidir le Nexperia agus maithiúnas, maithiúnas costasach, a lorg ón tSín.
Sampla eile is ea é seo den athrú mór atá tagtha ar gheilleagar an domhain. Bíonn an Eoraip ag cloí leis an seachmall gur cumhacht thábhachtach iad, ach sa domhan mar atá is cumhacht chaite iad. Is ag an tSin, ag an India, ag an Áise i gcoitinne atá an brú chun cinn, agus an Afraic ag bailiú a nirt freisin le comhardú na trádála a athchóiriú dá leas.
Thug na smachtbhannaí in aghaidh na Rúise spreagadh don phróiseas seo, mar bhí ar na tíortha taobh amuigh den Atlantach bealaí sábháilte a chruthú le go bhféadfaidís trádáil a dhéanamh eatarthu féin, is é sin córas neamhspleách airgeadais, agus sin é córas BRICS, an Bhrasaíl, an Rúis, an India, an tSín agus an Afraic Theas.
Tá sé le feiceáil os comhair ár súl go bhfuil an Eoraip ag cailleadh nirt, ach is anachain é nach féidir a admháil.
Mar sin ní léir go bhfuil aon pholasaí á oibriú amach ag an Eoraip le tabhairt faoi seo, seachas brath ar sciath Mheiriceá, sciath nach dtabharfaidh cosaint d’éinne ach do Mheiriceá féin.
Agus má tá an Eoraip i sáinn, cá bhfagann sé muidne in Éirinn? Tá deireadh ag teacht leis an seanmhúnla eacnamaíochta, fostaíocht a chruthú le hinfheistíocht ó thar lear, ach go fóill ar aon chuma is ar éigean go bhfuil aon chaint ann, ó pholaiteoirí an rialtais nó ón stáitseirbhís i dtaobh a bhfuil le déanamh le tabhairt faoi seo.
San idirlinn tá muid ag cloí leis an long atá ag dul go tóin poill, ag súil go sábhálfaidh míorúilt éigin sinn.
Ni leor sinn a bheith inár suí go ciúin béasach nuair atá an Coimisiún Eorpach ag deanamh praiseach de cibé coras trádála a bheidh in ndán don Eoraip san fhadtéarma.
Caithfimid ár gcaidreamh féin a lorg leis an domhan, agus tógáil ar an meas atá fós ann mar gheall ar ár dtroid in aghaidh an impiriúlachais agus in aghaidh an choilíneachais, in ainneoin iarrachtaí Mhicheáil Martin dearmad a dhéanamh de sin.
Ag an deireadh thiar nílimid níos treise mar chuid den bhloc, má tá an bloc ag dul síos, agus tá.
Bhíodh Fianna Fail i gcónaí ag maíomh as gur páirtí pragmatach a bhí ann a d’fhorbair a gcuid polasaithe de réir mar a d’athraigh an domhan.
Bfhéidir go bhfillfeadh Fianna Fáil ar an sean-nós sin le hathrú ceannaire, ach tá amhras orm.
Ach is é an rud is measa ná nach léir go dtuigeann an freasúra an scéal seo ach an oiread. B’fhéidir go dteastaíonn freasúra úr uainn mar aon le rialtas úr.