Gealtra: Scannán nua ó Kabin Studio

Jenna Goulding

Is mol ceoil agus cruthaitheachta bríomhar neamhbhrabúis é an Kabin Studio. Tá scannán faisnéise nua Gealtra eisithe acu inniu. Beidh première an scannáin ann anocht san Everyman ag Féile Scannán Chorcaí. 

Tá an scannán faisnéise seo suite i gCnoc na hAoine, an bruachbhaile spleodrach i dtuaisceart Chathair Chorcaí. Léirítear ann ceol agus filíocht ó bhéal an Kabin Studio trí mheán na Gaeilge.

Leantar sa scannán grúpa déagóirí á dtreorú ag rapálaí agus ealaíontóir filíochta ó bhéal darb ainm Súil Amháin. Cuireann na déagóirí stair phearsanta agus bród cultúrtha i láthair i saothar úrnua ina gcuirtear síos ar fhéiniúlacht, muintearas agus mianach.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!