Gaelcholáiste Dhoire ag tabhairt aghaidh ar a gcéad chluiche ceannais Uladh F16 sa chamógaíocht, agus an scoil ag ceiliúradh 10 mbliana ar an bhfód

Cóilín Duffy

Dé hAoine seo an 7 Samhain ag 1 pm beidh lá an-tábhachtach i stair Ghaelcholáiste Dhoire, Dún Geimhin. Beidh foireann camógaíochta faoi 16 na scoile ag imirt i gcluiche ceannais Uladh C’den chéad uair riamh. Imreofar an cluiche i Spórtlann na hÉireann i mBéal Feirste agus beidh bus tacaíochta ón scoil ag taisteal chuig an gcluiche.

Is ócáid mhór é an cluiche seo do na cailíní agus do phobal na scoile. Tá Gaelcholáiste Dhoire ag ceiliúradh 10 mbliana ar an bhfód i mbliana, agus níl am níos fearr ann chun bua mór spóirt a bhaint amach. Bunaíodh an scoil in 2015, agus le deich mbliana anuas tá fás ollmhór tagtha ar an scoil, ar an teaghlach scoile, agus ar chultúr agus spórt na scoile. Ach seo an chéad uair a bhfuil foireann faoi 16 tar éis céim chomh hard sin a bhaint amach sa chamógaíocht.

Thosaigh an turas i mbliana le bua láidir ar Naomh Colm ó Bhaile na Scríne le 2-15 in aghaidh 0-10. Tús maith a bhí ann don fheachtas, agus fiú nuair a chaill siad i gcoinne Choláiste Loreto Chúil Raithin sa dara cluiche, bhí a dhóthain déanta leis an gcéad bhua sin le dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile.

Gaelcholáiste Dhoire atá ag tabhairt aghaidh ar a gcéad chluiche ceannais Uladh F16 sa chamógaíocht

Sa chluiche ceathrú ceannais bhuail siad Scoil Ghramadaí an Chroí Rónaofa ón Iúr, le taispeántas láidir scórála. Ach ba é an cluiche leathcheannais an cluiche ba mhó go dtí seo. D’imir siad in éadan Naomh Iósaf, Crois Mhic Lionnáin. Ag leath-am bhí Gaelcholáiste Dhoire síos 3-8 go 1-2 agus an chuma air nach mbeadh aon seans acu an cluiche a chasadh. Ach sa dara leath d’athraigh siad an cluiche go hiomlán. Bhí Úna Nic Ainmhire sa chúl iontach láidir, agus Róisín agus Saorla Ní Cheallaigh an-láidir sa chosaint freisin.

Bhog Katie Nic Cionnaith isteach go lár páirce agus d’oibrigh sí go han-mhaith le Ellie Nic Giolla Domhnaigh. Thosaigh siad ag cur liathróidí iontacha isteach chuig na tosaitheoirí agus thosaigh na cúil ag teacht. Scóráil Deirbhle Ní Mhealláin 1-6, bhí cúilíní maithe ag Ellie, agus tháinig Eva Ní Bhrolcháin agus Sally Nic Giolla Domhnaigh ón mbinse le dhá chúl an-tábhachtach. Bhuaigh siad sa deireadh le 6-13 in aghaidh 5-12. Ba bhua stairiúil é sin.

Anois, is iad Scoil Ghramadaí Mhuire ón Iúr mar chéile comhraic acu sa chluiche ceannais. Tá Scoil Mhuire tar éis Loreto an Chabháin a bhualadh sna cluichí leathcheannais, mar sin beidh cluiche dian rompu.

Ag labhairt le An Páipéar, dúirt príomhoide Ghaelcholáiste Dhoire, Diarmaid Ua Bruadair, “Táimid an-bhródúil as na cailíní seo. Tá siad i ndiaidh obair mhór a dhéanamh le dhá bhliain anuas. Seo an chéad uair riamh d’fhoireann faoi 16 uainn a bheith i gcluiche ceannais Uladh sa chamógaíocht. Tá atmaisféar iontach sa scoil an tseachtain seo agus beimid ann i mBéal Feirste chun tacú leo.”

Dúirt sé freisin go bhfuil an scoil fíorbhuíoch as an tacaíocht ó na clubanna áitiúla i gceantar Dhún Geimhin, mar tá siad an-chabhrach ag cur páirceanna agus áiseanna traenála ar fáil.

Mar sin, Dé hAoine seo, beidh deis ag Gaelcholáiste Dhoire ní hamháin cluiche mór a imirt, ach píosa beag staire a dhéanamh. Má thugtar an corn abhaile go Dún Geimhin beidh sé ina bhronntanas iontach don scoil ar a 10ú breithlá, agus ina spreagadh mór don chéad ghlúin eile chamógaíochta sa cheantar.

GAELCHOLAISTE DHOIRE: Úna Nic Ainmhire, Caoimhe Ní Cheallaigh, Róisín Ní Cheallaigh, Alice Ní Choinn, Ciara Nic Con Midhe, Saorla Ní Cheallaigh, Aisling Nic Cormaic, Ellie Nic Giolla Domhnaigh, Meabh Ní Mhuirí, Mary Seoighe, Deirbhle Ní Mhealláin, Caoimhe Croskery, Mya Nic Con Midhe, Katie Nic Cionnaith, Niamh Nig Eochain, Tegan Harbinson, Aimee Nic Cormaic, Orin Ní Bhrolcháin, Eva Ní Bhrolcháin, Cara Ní Bhrollaigh, Nicole Nic Loinsigh, Anna Ní Chatháin, Sally Nic Giolla Domhnaigh, Cara Nig Eocháin, Megan Ní Aodha, Ciara Ní Artáin, Ava Grace Harbinson, Gráinne Ní Cheallaigh.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.