Bhreathnaigh Caoimhín Ó Cadhla ar Theamhair na Rí roimhe seo. Anois breathnaíonn sé ar shuíomh ríoga eile in Éirinn, Eamhain Mhacha.

Caoimhín Ó Cadhla

Ba iad na suíomhanna ríoga in Éirinn annalód Uisneach, mar a dtagadh na ríthe le chéile, Teamhair na Rí i gCúige na Mí, Ráth Cruachan i gCúige Chonnacht, Caiseal Mumhan i gCúige Mumhan, Dún Ailinne i gCúige Laighean, agus Eamhain Mhacha i gCúige Uladh.  Breathnaímid anseo ar phríomhionad ríoga Uladh, Eamhain Mhacha. 

Nuair a smaoinítear ar Eamhain Mhacha, smaoinítear ar Chú Chulainn, Conchúr mac Neasa agus Ridirí an Craoibhe Rua. Tá Eamhain Mhacha ainmnithe as bandia Gaelach, Macha.  Bandia flaithis (nó ceannais) is ea í. Tá baint ag an ainm Macha le machaire, rud a léiríonn a nasc leis an talamh agus le féarach. Tá baint aici chomh maith le ríthe, cogaíocht agus capaill. Tá bandéithe cosúil le Macha i scéalta miotaiseolaíochta de chuid pobail Cheilteacha eile san Eoraip, Rhiannon sa Bhreatain Bheag mar shampla, agus Epona ar an mór-roinn.

Tá scéal faoi Mhacha sa Rúraíocht. Nuair a bhí sí i luí seoil iarradh uirthi rása a rith ina aghaidh péire capall. In ainneoin go raibh sí ag breith, rith sí níos gaiste ná na capaill. Ag deireadh an rása thit sí i laige agus rug sí cúpla. Sula bhfuair sí bás chuir sí mallacht ar fhir Uladh as a thabhairt uirthi rith, go mbeadh pianta breithe orthu in am an ghátair. Cúpla is ea ciall amháin a bhaintear as an bhfocal Eamhain.

Luaigh Ptolemy sa dara haois den Chomh-Ré áit darb ainm Isamnion i gCúige Uladh. Ceaptar gur Eamhain Mhacha ata i gceist. De réir saineolaithe tagann Isamnion ón luath-Cheiltis agus dumha naofa is ciall leis.

Tá Eamhain Mhacha mar chuid de láthair níos mó ina bhfuil Dún Eochaidh agus Stáblaí an Rí ann freisin. Sa ré neoiliteach a thosaigh na chéad daoine ag lonnú ann. Tá áit cóngaradh dóibh, an Chraobh Rua, a léiríonn nasc leis na ridirí.  

Ní hamháin gur suíomh ríoga a bhí in Eamhain Mhacha, ach suíomh naofa do na págánaigh a bhí ann chomh maith. Tá loch ar an suíomh darb ainm Loch na Séad, agus fuarthas go leor ofrálacha móideacha ann. I measc na n-ofrálacha seo tá trumpa.

Thíos faoi Eamhain Mhacha é féin fuarthas blaosc d’ápa Barbarach. An áit is cóngaraí d’Eamhain Mhacha a gheofá ápa Barbarach is ea Giobráltar, agus faightear iad i dTuaisceart na hAfraice chomh maith. Léiríonn sé seo go raibh nasc éigin ag Eamhain Mhacha leis an gcuid sin den domhan, cibé acu trádáil nó táidhleoireacht a bhí ann, rud a léiríonn tábhacht na háite.

Blaosc eile a fuarthas ansin ná blaosc madra. An é sin blaosc Chú Chulainn?

Ceaptar gur thart ar an mbliain 95 roimh an gComh-Ré a bhí ré órga Eamhain Mhacha, agus go mbaineann go leor de na scéalta faoi Ridirí na Craoibhe Rua leis an tréimhse sin. Is iad Cú Chulainn agus Ridirí na Craoibhe Rua príomhcharachtair Táin Bó Cuailgne.

Is é Conchúr mac Neasa an rí is mó a bhfuil baint aige le hEamhain Mhacha sa litríocht. Tá go leor scéalta faoi Chonchúr mac Neasa, ach inseoidh mé ceann amháin. I gcath Bhaile Áth an Urchair, fuair Ceat mac Mághach píosa d’inchinn chruaite Mheas Geaghra, Rí Laighean. Theilg Ceat an píosa inchinne cruaite le tadhall ar Chonchúr agus chuaigh an t-urchar sin isteach ina chloigeann. Nuair a bhreathnaigh na dochtúirí ar an urchar sáinnithe i gcloigeann an rí, dúirt siad nach mbeadh siad in ann é a bhaint gan é a mharú. Bheartaigh siad é a fhágáil, ach thug siad foláireamh dó gan aon strus a chur ar féin nó thitfeadh an t-urchar amach agus gheobhadh sé bás. Lá amháin thart ar sheacht mbliana níos déanaí bhí an lá thar a bheith gruama. Chuir Conchúr ceist ar an draoi Cathbhadh cén fáth raibh an lá chomh gruama sin. Lena chumhachtaí fáidheadóireachta bhí an draoi in ann a rá go rabhthas tar éis fear maith darb ainm Íosa Críost a chur chun báis ar an gcros in oirthear an domhain. Chuir sé sin fearg ar Chonchúr agus thosaigh sé ag leagan crann lena chlaíomh. Leis an strus sin ar fad thit an t-urchar as a chloigeann agus fuair sé bás. Rinne an fhuil a dhoirt as a cheann é a bhaisteadh agus chuaigh a anam díreach suas go neamh. Ba é mar sin an chéad Ghael a ndéarnadh Críostaí de.

Má tá suim agat níos mó a fháil amach faoi Eamhain Mhacha is fiú dul ar cuairt ann. Tá sé gar do bhaile Ard Mhacha. Tá lárionad iontach ann a léiríonn an stair agus an béaloideas a bhaineann leis an áit.   

Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.