Stair na huachtaránachta

An Dr. Kerron Ó Luain

Agus pobal na sé chontae fichead ag dul chun na n-ionad vótála, is fiú súil siar sciobtha a thabhairt ar stair na huachtaránachta. Bunaíodh an uachtaránacht faoi bhunreacht 1937, bunreacht a bhí mar chuid de phróiseas inar scar an Saorstát, diaidh ar ndiaidh, ón gCoróin agus a d’fhorbair i dtreo a bheith ina phoblacht. Ba é Éamon de Valera a mhaoirsigh dréachtú bhunreacht 1937 faoi thionchar mór na n-easpag Caitliceach. De bharr gur bhain de Valera cumhacht amach le Fianna Fáil in 1932, chreid roinnt daoine go n-úsáidfeadh sé ról na huachtaránachta chun an greim a choinneáil ar an gcumhacht, buairt a bhí ann i gcomhthéacs theacht chun cinn leithéidí Franco, Mussolini agus Hitler sna 1930í.

Dubhghlas de hÍde in 1938

Ach dearadh an uachtaránacht mar ról deasghnách den chuid is mó, ról atá scartha ó chumhacht an taoisigh agus an rialtais. Bheadh tábhacht morálta agus cultúrtha ag an uachtarán in áit na cumhachta. D’fheil Dubhghlas de hÍde, an chéad uachtarán, don ról seo go mór. Ba scoláire, teangeolaí agus gníomhaí teanga é agus ní raibh baint aige le páirtithe polaitiúla. Ba chomhartha den aontacht sa stát é mar thacaigh na mórpháirtithe polaitiúla lena thoghadh mar uachtarán. Bhí cúlra réabhlóideach agus taithí pholaitiúil ag an té a tháinig i gcomharbas air, Seán T Ó Ceallaigh. Chaith Ó Ceallaigh, a bhí i bhFianna Fáil, dhá théarma mar uachtarán sular éirigh sé as.  I ndiaidh Ó Ceallaigh, toghadh de Valera féin mar uachtarán agus chaith sé na blianta 1959 go 1973 in Áras an Uachtaráin.

Mar a bhaineann sé leis an nGaeilge, bhí conspóid ag baint le toghadh Erskine Childers (Fianna Fáil) mar uachtarán in 1973. Toghadh é an bhliain chéanna ar ghlac na sé chontae fichead ballraíocht i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. De bharr nach raibh Childers líofa i nGaeilge, bhain rialtas na linne, rialtas Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre, leas as an deis chun cearta teanga iomlán don Ghaeilge laistigh den Aontas Eorpach a mhaolú. Níor deineadh teanga oibre iomlán den Ghaeilge go dtí an bhliain 2007 de bharr an chinnidh sin.

Go híorónta, tháinig duine a bhí líofa i nGaeilge, Cearbhall Ó Dálaigh (Fianna Fáil) i gcomharbas ar Childers, ach d’éirigh sé as an bhliain dár gcionn, 1976, de bharr teannas faoin mBille Cumhachtaí Práinne. Ina dhiaidh sin toghadh Pádraig Ó hIrghile (Fianna Fáil) agus níor bhain mórán conspóide lena théarmasa san Áras.

Go dtí 1990, cé is moite de Dhubhglas de hÍde, bhí Fianna Fáil go mór i réim i dtaobh na huachtaránachta de. Fir choimeádacha a chloígh leis an status quo den chuid is mó a bhí sna huachtaráin go dtí sin. Ré nua i dtaobh na huachtaránachta a bhí i dtoghadh Mháire Mhic Róibín (Páirtí an Lucht Oibre), a chuir béim ar chearta na mban agus cearta liobrálacha. Ba í Máire Mhic Ghiolla Íosa (a fuair tacaíocht Fhianna Fáil) an chéad tuaisceartach a toghadh. Toghadh í in 1997, bliain roimh shíniú Chomhaontú Bhéal Feirste in 1998, agus chuir sí go leor béime ar an bplé trasphobal. Tá Mícheál D Ó hUigínn tar éis ról na huachtaránachta a leathnú níos mó fós; tá béim leagtha aige ar cheisteanna comhionannais, teanga agus cultúir, rannpháirtíochta agus staire.

Agus mé i mbun pinn, léiríonn na pobalbhreitheanna go mbeidh an bua ag Catherine Connolly. Más sin an cás, léireofar bearna idir fís go leor toghthóirí sa stát, is é sin go mbeidh an stát ar a laghad daonlathach sóisialach, agus an staid reatha ina bhfuil an stát coimeádach agus báite sa chaipitleachas nualiobrálach.

Tá claonadh na dtoghthóirí ag iompú ar chlé i dtoghcháin uachtaránachta le traidhfil de bhlianta, ach ní hamhlaidh an scéal do na holltoghcháin nuair a ghlacann ceisteanna ábharaíocha tús áite. Creideann sciar den phobal bolscaireacht na bpáirtithe coimeádacha, Fianna Fáil agus Fine Gael, go fóill; gur gá “bainistiú stuama” a dhéanamh ar mhaoin an stáit, cé gur fhulaing saoránaigh géarchéim eacnamaíochta agus blianta na déine a bhuí leis na páirtithe céanna.

Tá go leor daoine ar an eite chlé ag breathnú i dtreo an olltoghcháin cheana agus fís den “chlé aontaithe” ar intinn acu. An spreagfaidh uachtaránacht Catherine Connolly tuilleadh comhoibrú ar an eite chlé leathan, nó an leanfaidh na páirtithe ar aghaidh ag tarraingt uisce ar a muilte féin?

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.