Is le bród gur féidir liom a rá go bhfuil bliain sroichte ag An Páipéar. Nuair a thosaíomar ar an gcéad lá de Shamhain 2024 is nuachtán 16 leathanach a bhí againn. Tá 20 leathanach againn anois. Ní rabhamar ag díol ach i 300 siopa. Táimid anois ag díol i 1,500 siopa. Tá na céadta síntiúsóirí againn, lena n-áirítear leabharlanna agus scoileanna.

Ag staid amháin bhíomar ag dáileadh 5,300 cóip de An Páipéar (níos mó cóipeanna ná go leor nuachtán áitiúil), suas ó 1,700 chóip ag an tús. Tá níos mó scríbhneoirí againn ná riamh agus cuid mhaith acu ina saineolaithe, i gcúrsaí béaloidis, staire, oideachais agus Gaeilge. Ní hé nach raibh go leor oibre, stró agus dúshláin i gceist chun nuachtán seachtainiúil a choinneáil ag imeacht, ach d’éirigh linn agus tá go leor foghlamtha againn. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil libh as bhur dtacaíocht, cibé a cheannaigh tú an nuachtán, a thóg tú síntiús, a chuir tú fógra isteach, a scríobh tú alt nó litir nó a scaip tú scéal faoi An Páipéar.

Feicim An Páipéar mar mhol do phobal na Gaeilge, go bhfuil eolas ann a tá úsáideach do phobal na Gaeilge ar nós imeachtaí Gaeilge, sceideal teilifíse agus raidió, crosfhocal, agus fiú amháin an nuacht. Nílimid ach tosaithe. Ba bhreá linn níos mó forbartha a dhéanamh ar An Páipéar amach anseo. Ba mhaith linn go mbeidh sé ar fáil i ngach siopa, i ngach scoil, i ngach leabharlann.

Ba mhaith linn go mbeidh níos mó leathanach in An Páipéar agus go mbeidh réimse níos leithne d’ábhar ann. Tá suirbhé againn chun a fháil amach céard ba mhaith libh a fheiceáil in An Páipéar agus conas is féidir linn caighdeán An Páipéar a fheabhsú. Ba bhreá linn go mbeidh An Páipéar ar an gcaighdeán céanna nó níos fearr ná aon nuachtán eile sa tír, is cuma i mBéarla nó i nGaeilge atá an nuachtán sin.

An misean atá againn ná normalú a dhéanamh ar léitheoireacht na Gaeilge trí ábhar Gaeilge a chur ar fáil. Ba mhaith linn go mbeidh pobal na Gaeilge in ann a saol a chaitheamh trí Ghaeilge amháin más mian leo agus feicimid An Páipéar mar chéim chun an aidhm sin a bhaint amach.

Caoimhín Ó Cadhla

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.