Cén costas a bheidh ar Éirinn má ghabhtar sócmhainní na Rúise

Eoin Ó Murchú

Ghlac an Taoiseach Micheál Martin páirt i gcruinniú de chomhghuaillíocht na dtoilteanach, a thugtar ar na tíortha san Eoraip atá ag iarraidh seasamh leis an Úcráin agus leanúint leis an gcogadh.

Ina measc siúd a bhí i láthair ag an gcruinniú bhí príomh-aire na Ríochta Aontaithe, Keir Starmer, uachtarán na Frainc Emmanuel Macron, agus uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy.

Bhí an Taoiseach, mar aon le roinnt ceannairí Eorpacha eile, i láthair ag an gcruinniú trí Zoom.

Cé nach léir cén chaoi gur féidir le stát neodrach páirt a ghlacadh i gcruinniú de chuid comhghuaillíochta ar bith, dhearbhaigh an Taoiseach i ndiaidh an chruinnithe go dtacaíonn Éire leis an moladh gur chóir sócmhainní na Rúise, atá reoite san Eoraip, a ghabháil agus a úsáid ar mhaithe le hairm a cheannach don Úcráin agus le cabhrú maidir le costas riaracháin na tíre. Meastar go gcosnóidh atógáil na hÚcráine os cionn €500 billiún.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!