Breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar spóirt Dúchais na hÉireann, tá níos mó ná iomáint agus peil ann

Is breá leis na Gaeil a gcuid spórt. Ní gá ach breathnú ar Pháirc an Chrócaigh, an tríú staid is mó san Eoraip. Tá spás le haghaidh 82,000 duine ann. Sa chuid is mór den domhan is é an sacar an spórt is mó tóir. Ach in Éirinn is í an pheil Ghaelach an spórt is mó a bhfuil tóir air. Is léiriú é seo ar an obair atá déanta ag na Gaeil chun a chluichí dúchasacha a choinneáil beo. Go déanach sa naoú haois déag is iad na spóirt is mó a raibh tóir orthu ag an am ná sacar, rugbaí agus cruicéad. Bhí na cluichí Gaelacha i mbéal an bháis. Ghlaodh na spóirt gharastúin ar an sacar, an rugbaí agus an cruicéad mar bhí clubanna na spórt sin lonnaithe i mbailte a raibh dúin mhíleata fhórsaí na Breataine iontu. Tóg mar shampla Ráth Maoinis, ina raibh Beairic Chuan Aoibhinn, bhí traidisiún rugbaí agus cruicéid sa cheantar, ach ní raibh aon cluichí Gaelacha á n-imirt ann. Tá sé fós mar sin go dtí an lá atá inniu ann.  Nuair a bunaíodh Cumann Lúthchleas Gaeil in 1884 d’athraigh suim phobal na hÉireann i dtreo na gcluichí Gaelacha. Is sampla é sin den díchoilíniú a d’oibrigh.

Iomáint

Is iad Cill Chainnigh an fhoireann contae a bhuaigh an líon is mó cluichí ceannais na hÉireann san iomáint. Tá leaganach den iomáint á n-imirt in Albain ar nglaoitear iomain agus camanachd i nGaeilge na hAlban, agus ar Oileán Mhanann imrítear camag ar Lá Fhéile Stiofáin. Camán an t-ainm a bhíodh ar an gcluiche i gCúig Uladh agus, ar ndóigh, camógaíocht a thugtar ar iomáint na mban in Éirinn. Bíonn comórtais idirnáisiúnta comhrialacha ar siúl idir foirne as Albain agus Éirinn de bharr go bhfuil an spórt sa dá thír chomh cosúil lena chéile. Leabhar maith ar stair na hiomána is fiú a léamh is ea Scéal na hIomána le Liam P. Ó Caithnia. Tá spórt eile ann a eascraíonn ón iomáint, an poc fada, ina n-úsáidtear camán chun sliotar a theilgean ar feadh cúrsa ar thaobh cnoic. Bíonn an comórtas uile-Éireann ar siúl ar Shléibhte Chuaille.

Peil

An spórt is mó tóir air in Éirinn is ea an pheil. Is iad Ciarraí an fhoireann contae a bhuaigh an líon is mó cluichí ceannais uile-Éireann sa pheil. Glaoitear caid ar an bpeil i gCiarraí. Is cluiche peile idir Baile Átha Cliath agus Tiobraid Árann a bhí á imirt i bPáirc an Chrócaigh nuair a mharaigh fórsaí na Breataine ceathrar déag ar Dhomhnach na Fola, an 21 Samhain 1920. Níor bhuaigh Tiobraid Árainn cluiche ceannais uile-Éireann sa pheil ó shin i leith.

Liathróid láimhe

Is féidir an spórt seo a imirt taobh istigh nó taobh amuigh. I gcúirt liathróide láimhe an áit ina n-imrítear é. Is sampla den ailtireacht dhúchasach iad cúirteanna liathróide láimhe in Éirinn.  Ní spórt foirne í liathróid láimhe. Duine amháin in éadan duine eile a imríonn é de ghnáth, ach is féidir le beirt imirt in éadan beirte chomh maith. 

Cluiche corr

An spórt is lú cáil de na spóirt a eagraíonn Cumann Lúthchleas Gaeil is ea cluiche corr.  Tá sé an-chosúil le bogliathróid a imrítear i Stáit Aontaithe Meiriceá.

Bollaí bóthair

Ní fios an spórt dúchasach é bollaí bóthair. Teoiric amháin atá ann ná gur tháinig sé ón Ísiltír le trúpaí a bhí ag troid i gCath na Bóinne. Cibé ar bith tá sé á imirt in dhá áit éagsúla in Éirinn anois, in iarthar Chorcaí agus deisceart Ard Mhacha. Glactar seilbh ar na bóithre i rith an chomórtais. 

Conclúid

Glaoitear cluichí Gaelacha ar na spóirt seo ach an lá atá inniu ann is fíorannamh a chloistear Gaeilge ag na cluichí, ach tá eisceachtaí ann ar nós Chomórtas Peile na Gaeltachta. An féidir cluichí Gaelacha a ghlaoch orthu mura bhfuil an Ghaeilge á labhairt ann?  Chun coinneáil cothrom dáta leis na cluichí Gaelacha sin bí ag breathnú ar na hailt spóirt a bhíonn Cóilín Duffy a scríobh. Bí i mbun aclaíochta ag imirt ár spórt dúchasach, tá sé folláin agus tá tú ag Gaelú na tíre gach uair a imríonn tú!

Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.