Nach iontach go raibh 25,000 duine ar na sráideanna an Dé Sathairn seo caite chun cearta teanga a éileamh ó na rialtais thuaidh agus theas? Tugann sé ardú meanman dom. Anois caithfidh na rialtais éisteacht leis na daoine agus na héilimh a chur i bhfeidhm. Is iad na héilimh ná maoiniú ceart a thabhairt do sheirbhísí as Gaeilge, stop a chur le gníomhaíochtaí na ranna oideachais atá ag imeallú na teanga, an reachtaíocht agus straitéisí Gaeilge a chur i bhfeidhm ina n-iomláine anois, agus ceart do mhuintir na Gaeltachta cónaí ina gceantar dúchais.  

Feicfimid céard a tharlóidh sa bhuiséad ar an 7 Deireadh Fómhair. Tá 0.1% de bhuiséad an stáit ó dheas á chaitheamh ar an nGaeilge taobh amuigh den chóras oideachais. In 1956 0.15% a bhí ann. Is gá dul ar ais go dtí an céatadán sin. Beadh €55 milliún sa bhreis ag teastáil i mbuiséad 2026 chun é sin a bhaint amach. Mar sin feicfimid ar an 7 Deireadh Fómhair an mbeidh an rialtas ó dheas ag éisteacht linn.  

Níl an rialtas ó dheas ag éisteacht linn faraor maidir le cúrsaí oideachais. Tá curaclam nua tagtha amach agus ní bhfuair siad réidh den díolúine, ná níl FCÁT sa churaclam. Níor fhan an curaclam nua le foilsiú na bpolasaithe don oideachas lán-Ghaeilge agus an Ghaeilge i scoileanna T2, agus tá an baol ann go mbeidh múineadh an tríú teanga ag cur isteach ar am mhúineadh na Gaeilge. Ní féidir an tríú teanga a fhoghlaim mura bhfuil an dara teanga agat agus níl aon rud sa churaclam a chinnteoidh líofacht Ghaeilge na ndaltaí ag fágáil na bunscoile dóibh.  

Níl aon straitéis Ghaeilge ó thuaidh go fóill, straitéis a gealladh i gComhaontú Chill Rímhinn in 2006, nach mór fiche bhliain ó shin!  Tá Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ann ó dheas, ach níl sí á cur i bhfeidhm, lag agus uile mar atá sí mar straitéis. Níl Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, á chur i bhfeidhm ina iomláine, mar shampla níl riachtanas Gaeilge le gach post nua sa Ghaeltacht go fóill, agus níl aon ullmhúchán feicthe go fóill chun a chinntiú go mbeidh 20% d’earcaithe san earnáil phoiblí le Gaeilge in 2030.

Maidir leis an nGaeltacht, bhrisfeadh sé do chroí an chaoi a gcaitheann an rialtas le pobal labhartha na Gaeilge ansin. Ní féidir le pobal na Gaeltachta fanacht ina gceantar dúchais de bharr easpa tithíochta, agus tá bacanna ann chomh maith i dtaobh an chórais pleanála de.  Go deimhin ba chóir go mbeidh an rialtas ag tacú le lonnaíochtaí Gaeilge a thosú taobh amuigh den Ghaeltacht.

Is gá do na rialtais thuaidh agus theas stopadh de bheith ag imeallú na Gaeilge agus gach tacaíocht a thabhairt di.

Caoimhín Ó Cadhla

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.