Beidh fothoghchán Caerffili ina thuar tábhachtach ar thodhchaí na Breataine Bige agus na Breatnaise

Kerron Ó Luain

Go minic léiríonn fothoghcháin an bealach a rachaidh cúrsaí in olltoghcháin. Tharla seo go stairiúil in Éirinn leis na fothoghcháin in 1917 a léirigh athrú meoin sa phobal a thuar bua Shinn Féin an bhliain dár gcionn in 1918. 

Cuirtear an-bhéim orthu sa Bhreatain chomh maith agus beidh tábhacht ar leith ag fothoghchán Pharlaimint na Breataine Bige, Senedd Cymru, do Caerffili na Breataine Bige, a tharlóidh an mhí seo chugainn, ar a mbeas i ndán don tír. 

Léiríonn an phobalbhreith is déanaí ag leibhéal na tíre go bhfuil tacaíocht 30% ag Plaid Cymru, tá 29% ag Athchóiriú RA, agus tá Páirtí an Lucht Oibre agus na Coimeádaigh ar gcúl go maith le 14% agus 11% faoi seach. Má éiríonn le hAthchóiriú RA an ceann is fearr a fháil ar an bpáirtí náisiúnach, Plaid, in Caerffili, beidh seans an-mhaith acu cumhacht a ghlacadh sa Senedd in olltoghchán na Breataine Bige a tharlóidh i mí na Bealtaine na bliana seo chugainn.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!