Teacht in inmhe agus titim Chaomhaoir Órga, 2012-2020, Cuid 2

An Dr Kerron Ó Luain

Baill Camhaoir Órga san Aithin, 2015.
Griangraf: DTRocks/Wikipedia

An tseachtain seo caite cíoradh comparáid idir an ghluaiseacht chiníoch in Éirinn an lae inniu agus Caomhaoir Órga na Gréige, chomh maith le blianta luath na heagraíochta Gréagaí le linn na géarchéime eacnamaíochta in 2008 agus 2009. An tseachtain seo breathnaímid ar an gcaoi ar éirigh le Caomhair Órga dul chun cinn polaitiúil a dhéanamh sna blianta ina dhiaidh sin, agus an deireadh a tháinig leo.

Idir 2012 agus 2019 bhí Camhaoir Órga chun cinn ar an eite dheas i bhfad amach sa Ghréig. D’úsáid siad reitric i gcoinne na n-imirceach, an Ioslaim, na dTurcach, agus éinne a bhí “ar an taobh amuigh”. Chuaigh siad i mbun patróil ghríosaitheacha forairdill i gceantair ina raibh dlús ard inimirceach agus d’ionsaigh siad ceardchumannaithe. Mar shampla, in 2013 in Perama d’ionsaigh baill de Chamhaoir Órga fiche ceardchumannaí de chuid PAME le maidí, barraí iarrainn agus sciatha fad is a bhí bileogaí á scaipeadh acu. Mar sin, faoi dhromchla an stádais toghchánaíochta bhí struchtúir ar mhúnla paraimíleata i bhfeidhm i measc Chamhaoir Órga a chuaigh i mbun ionsaithe ar imircigh, daoine den eite chlé, ceardchumannaithe agus grúpaí imeallaithe eile ní hamháin san Aithin ach sna bailte réigiúnacha chomh maith.

Ach ba chor cinniúnach é marú an ghníomhaire fhrithfhaisistigh Pavlos Fyssas, a bhí ag rapáil faoin ainm “Killah P”, in 2013. Creideadh gur Camhaoir Órga a bhí ciontach as é a mharú. Ag an am, rinne Príomh-Aire na Gréige, Antonis Samaras, ráiteas ina ndúirt sé go stopfar “sliocht na Naitsíoch an saol sóisialta a nimhiú, agus nach dtabharfar cead dóibh a bheith i mbun na coiriúlachta nó na sceimhlitheoireachta nó beag is fiú a dhéanamh de dhúshraith na tíre as ar tháinig an daonlathas”. Ainneoin na bhfocal láidir, níor cuireadh bac ar Chamhaoir Órga mar pháirtí polaitiúil ar an bpointe, agus d’éirigh go maith leo sna toghcháin náisiúnta agus AE in 2015. Mar sin féin, chaith marú Fyssas solas ar an bpáirtí agus thug na póilíní faoi iniúchadh coiriúil ar chinnirí Chamhaoir Órga i ngeall ar ról comhcheilge a bheith acu sa ghníomh.

Mhair an triail ar feadh na mblianta. Cé gurb é an páirtí coimeádach Daonlathas Nua a chuir tús leis an triail, bhí ról lárnach ag an eite chlé agus frithfhaisistithe i mbailiú na fianaise. Ba dhlíodóirí ó ghrúpaí den eite chlé, amhail Fylaki Chrisís Avges (“Cuir Camhaoir Órga i bPríosún”), a bhí ag abhcóideacht ar son mhuintir Fyssas agus íospartaigh eile. Bhailigh grúpaí den sórt seo taifid fhairsinge de choiriúlacht Chamhaoir Órga gan aon tacaíocht ar bith ón stát. Taobh amuigh den chóras dlí, bhí ról ag páirtithe ar nós Syrizia agus an KKE maidir le freasúra polaitiúil a léiriú i gcoinne Chamhaoir Órga, agus chabhraigh iriseoirí cléacha iniúchadh a dhéanamh ar an bpáirtí chun an bonn “measúil” a bhaint de. Bhí dreamanna eile ag feidhmiú ón mbun aníos i bpobail lucht oibre chun seasamh in éadan iarrachtaí na bhfaisistithe tuilleadh tacaíochta a bhuachan i measc an lucht oibre.

Ar an 7 Deireadh Fómhair 2020 chinn cúirt achomhairc san Aithin gur eagraíocht choirpeach a bhí i gCamhaoir Órga. Ciontaíodh cinnirí, Nikolaos Michaloliakos, Ilias Kasidiaris, agus Christos Pappas ina measc, as dúnmharú, iarracht ar dhúnmharú, agus cambheartaíocht. Cuireadh pianbhreitheanna trí bliana déag nó níos mó orthu. Chuaigh Camhaoir Órga in éag mar fhórsa polaitiúil i ndiaidh chinneadh na cúirte. Mar sin féin, tá idé-eolaíocht na heagraíochta fós le brath in eagraíochtaí nua ar nós Ellinikí Lýsi (Réiteach Gréigeach) a bhuaigh 10 suíochán i dtoghcháin 2019. Seachnaíonn na grúpaí nua ar an eite dheas i bhfad amach an reitric Naitsíoch oscailte.

Céard a léiríonn scéal Chamhaoir Órga dúinne in Éirinn? Dar ndóigh tá an t-ádh linn nár tháinig an eite dheas i bhfad amach i réim i dtaobh na toghchánaíochta de sna sé chontae fichead go fóill. Ní chiallaíonn sin nach bhféadfaidís dul chun cinn a dhéanamh amach anseo, ach ionadaithe nach bhfuil go hiomlán tugtha do thuairimí comhcheilge a aimsiú. Tá féith an fhoréigin agus na coirpeachta sna dreamanna seo in Éirinn mar a bhí i gCamhaoir Órga, agus a reitric tar éis toradh marfach a bheith aici do phobail mhionlacha cheana.

Ach, cé is moite de dhreamanna beaga ar an eite chlé, níl an chuid eile den tsochaí, ná na hinstitiúidí, tar éis dúshlán ceart a thabhairt do na bómáin. Tá cead a gcinn tugtha do ghrúpaí na heite deise i bhfad amach bagairt a dhéanamh ar dhaoine ar líne agus dul i mbun agóide ag tearmainn teifeach. Spreagann seo na dreamanna coirpeachta chun tabhairt faoi ionsaithe níos fíochmhara fiú. Ar chóir fanacht go dtí go mbaileoidh siad a neart ar nós Chamhaoir Órga na Gréige go dtí go rachfar in adharca leo mar is ceart? Tarlóidh cásanna eile ar nós Josip Strok bhoicht mura dtugtar a ndúshlán.


Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.