Síocháin ar na bacáin don Úcráin?

Eoin Ó Murchú

Is cosúil go bhfuilimid faoi dheireadh ag druidim i dtreo dheireadh chogadh na hÚcráine, agus Vladimir Putin, Uachtarán Chónaidhm na Rúise, agus Donald Trump, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, ag casadh le céile in Alasca inniu chun téarmaí síochána a shocrú. 

Tuairiscítear leis go mbeidh an dara cruinniú sa Rúis féin beagáinín ina dhiaidh sin, i Vladivostok is dócha. 

D’fhógair na Rúisigh seachtain ó shin go raibh moltaí faighte acu ó Steve Witcoff, taidhleoir Trump, a cheapann na Rúisigh a bheith fabhrach do shocrú.

Níl a fhios ag tráchtaire ar bith céard é go cruinn atá á mholadh, ach tá sé éasca creatlach a dhéanamh amach de réir na dtéarmaí a leag na Rúisigh síos cheana.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!