Róluath osna faoisimh a ligean mar tá baol taraife ann i gcónaí

Eoin Ó Murchú

Nuair a d’fhógair na Stáit Aontaithe nach mbeadh ach taraif 15% ar earraí cógais ón Aontas Eorpach, agus mar sin de ó Éirinn, isteach sna Stáit Aontaithe bhí osna ard faoisimh abhus amhail is go raibh bua mór faighte againn.

Ar ndóigh, ní mar sin a bhí don Eoraip ná d’Éirinn.

Ar dtús, tá na Stáit Aontaithe ag gearradh taraif 15% in ionad na taraife a náid beagnach roimhe. Agus ní bheidh aon taraif ar earraí ó SAM isteach san Aontas Eorpach. Drochmhargadh má bhí riamh!

Ach níl cinnteacht ar bith ag baint leis an taraif 15% ar chógais. Tá sé fós mar aidhm ag Trump táirgeadh cógais ag comhlachtaí Meiriceánacha a thabhairt abhaile, agus ciallaíonn sé sin iad a dhúnadh in Éirinn, agus labhair sé faoi tharaif 150% nó fiú 250% a ghearradh i gcionn bliain go leith nuair ba chóir, dar leis, go raibh a dhóthain ama ag comhlachtaí Meiriceánacha na háiseanna riachtanacha a chur in oiriúint i Meiriceá féin.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!