Níl aon éadaigh ar an impire Eorpach

Eoin Ó Murchú

Cé go bhfuil an Taoiseach Micheál Martin ag iarraidh i gcónaí cuma mhaith a chur ar an margadh trádála a dhein an tAontas Eorpach le Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá an formhór mór de thráchtairí eacnamaíochta agus lucht ghnó ag glacadh leis gur drochmhargadh atá ann.

Mar sin féin, deir Martin gur fearr drochmhargadh na cogadh trádála. Bíodh sé sin fíor nó ná bíodh, ach is léir nár ghéill tíortha eile ar fud an domhain do mhaistíneacht Trump.

Sheas an tSín, mar shampla, gualainn le gualainn le Meiriceá, agus sa deireadh thiar ba é Meiriceá is túisce a chaoch súil.

Mar an gcéanna leis an India. Bhagair Trump go gcuirfí smachtbhannaí agus taraifí arda ar an India dá leanfaidís ag ceannach óla ón Rúis. Ba é freagra na hIndia conradh le scairdeitleáin a cheannach ó Stáit Aontaithe Mheiriceá a chur ar ceal agus a dhearbhú go gcoinneodh siad a gcuid conarthaí leis an Rúis. Sé sin, níor ghéill siad ach thug siad dúshlán breise do Mheiriceá.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.