Caoimhín Ó Cadhla

Táimid i dtréimhse Lúnasa faoi láthair. Cén fáth a ndeirim “tréimhse” agus ní “lá” Lúnasa? Mar déantar Lúnasa a cheiliúradh ar dhátaí éagsúla ag brath ar an gceantar. San iarthar déantar ceiliúradh ar Lúnasa ar an Domhnach is gaire don chéad lá de mhí Lúnasa. An sampla is fearr den cheiliúradh seo is ea an oilithreacht go Cruach Phádraig. San oirthear bhíodh Aonach Tailteann ar siúl ar an gcéad Domhnach i ndiaidh an chéad lae de mhí Lúnasa.

Trí dhia agus naomh

Mar a bheadh a fhios agat ón ainm tá Lúnasa bainteach leis an dia Lú. Thugtaí ómós do Lú sa ré phágánach i measc na sean-Cheilteach ar fud na hEorpa. Is é is bunús le hainm chathair Lyons na Fraince ná Lugdun, is é sin Lú-Dhún i nGaeilge an lae inniu, rud a léiríonn a fhairsinge is a dhéantaí Lú a cheiliúradh. In Éirinn tá a ainm ar Chontae Lú.  

Ach níorbh é Lú an t-aon dia a dhéantaí a cheiliúradh tráth fhéile Lúnasa. Neach eile a bhfuil baint mhór aige le Lúnasa is ea Crom Dubh. Is é an Domhnach roimh an gcéad lá Lúnasa Domhnach Chroim Dhuibh. Is  é an scéal atá ann faoi Chrom go raibh troid idir Lú agus é agus gur chloígh Lú é. Ceaptar go bhfuil baint ag an scéal leis an uair a mharaigh Lú Balor, an Fomhórach agus a sheanathair, agus gur meascadh Balor le Crom sa bhéaloideas ag pointe níos déanaí. Deirtear gur chloígh Naomh Pádraig Crom ar Chruach Phádraig chun cumhacht na Críostaíochta ar an seanchreideamh págánach a léiriú.

I gCnoc Fírinne i gContae Luimnigh déantar Féile Lúnasa a cheiliúradh in ómós do Dhonn Fírinne, neach eile béaloideasa. Chreidtí annalód gur dia na marbh é Donn, agus go dtéann anamacha na marbh go Cnoc Fírinne. Lastaí tine chnámh ar mhullach Chnoc Fírinne in aice le carn ar a nglaoitear an Stricín, a chreidtí a bheith in aice le hoscailt bhrú Dhoinn. 

Cnoic, lochanna agus toibreacha beannaithe

Dhéantaí Lúnasa a cheiliúradh ar mhóran cnoc timpeall na tíre. Is eol dúinn ocht gnoc is seachtó acu. Lastaí tinte cnámh ar na cnoic sin. Caithfidh go raibh na tinte cnámh le feiceáil timpeall na tíre agus gur radharc álainn a bhí ann. Dhéantaí an fhéile a cheiliúradh ag lochanna éagsúla chomh maith. Bhí sé de nós beithígh agus capaill a chur ag snámh i loch chun cosaint a thabhairt dóibh. I Loch Uail i gContae na hIarmhí bhí sé de nós ag an bpobal rásaíocht snámha capaill a dhéanamh sa loch. Cosúil le féilte ceann ráithe eile bhí sé de nós ag an bpobal dul go dtí an tobar beannaithe áitiúil chun deasghnátha a dhéanamh ansin.

Bailiú fraochán

Bhí sé de nós ag an bpobal dul amach agus fraocháin a bhailiú chomh maith le súnna talún agus súnna craoibhe. Chuiridís uachtar agus siúcra leis na fraocháin agus na súnna agus bhíodh milseog dheas acu. Caithfear cuimhneamh air gur féile fómhair é Lúnasa agus mar sin bhíodh bia ar fáil ag daoine arís tar éis mhíonna gortacha an tsamhraidh le ceiliúradh a dhéanamh. Ní mar sin a bhíodh sé i mí Iúil nuair a bhíodh daoine ar an ngannchuid. Deirtear nach raibh cead prátaí a thógáil ón talamh go dtí Lúnasa. Dhéantaí bairín breac freisin ag an am seo, ag léiriú nach le Samhain amháin a bhí an bairín breac bainteach.

Aontaí

Bhí baint ag Lú ní hamháin leis an bhfómhar ach le cúrsaí tráchtála freisin, agus mar sin dhéantaí aontaí eagrú timpeall na tíre ag an am seo. Maireann an traidisiún seo go dtí an lá inniu le hAonach an Phoic i gCill Orglan agus Féile Lá Lúnasa i mBaile an Chaistil. Féile thábhachtach ab ea Aonach Tailteann sa Mí freisin. Ag an aonach seo sa tseanam bhíodh cluichí agus rásaíocht capaill, ceol á sheinm agus shocraití pósadh trialach idir lanúineacha. Tháinig deireadh leis na cluichí tar éis fhorghabháil na Normannach sa dóú haois déag. In 1924 bheartaigh rialtas Shaorstát Éireann an t-aonach a athbheochan mar fhéile bhliantúil cluichí. Mhair an fhéile nua sin go dtí 1932. 

Déan ceiliúradh!

Anois go bhfuil a fhios agat conas Féile Lúnasa a cheiliúradh téigh amach go dtí an cnoc, loch nó tobar beannaithe is gaire duit agus bí ag bailiú fraochán, bí ag imirt cluichí agus bí ag seinm ceoil. Tá sé thar am an fhéile seo a cheiliúradh i ngach áit in Éirinn arís!

Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.