
Tá CLG na Palaistíne tar éis a dhearbhú go bhfuil a dturas samhraidh go hÉirinn curtha ar ceal le “croí trom,” de réir mar a theip ar iarrachtaí ag an nóiméad deiridh víosaí a fháil do 33 páiste agus 14 mheantóir ón mBruach Thiar.
Bhí an fhoireann le teacht go hÉirinn inniu (Dé hAoine), ag imeacht ón mBruach Thiar níos luaithe ar maidin. Mar sin féin, dúirt an grúpa i ráiteas go bhfuil an t-am rite chun socruithe malartacha a dhéanamh, fiú dá dtabharfaí víosaí amach ag an bpointe seo.
“Fiú má eisítear víosaí anois, is dócha go gcuirfidh moill ag seicphointí agus ag teorainneacha isteach go mór ar an turas agus go gcruthódh siad moilleanna breise,” a dúradh sa ráiteas. “Bheadh sé róchrualach dóibh an dóchas a thabhairt ar ais do na páistí agus ansin é a bhaint díobh arís.”
Léiríodh díomá mhór freisin faoi na ráflaí go raibh cáipéisíocht in easnamh nó go ndearnadh an t-achomharc ródhéanach. “Táimid tar éis a bheith ag obair go dícheallach le míonna anuas leis an ambasáid in Iosrael. In ainneoin achainíocha i rith na seachtaine seo chun dul i dteagmháil, ní bhfuair muid aon fhreagra ón Roinn Dlí agus Cirt. Rinne ár bhfoireann dlí iarracht teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an Roinn ach baineadh neamhaird orainn arís eile,” a dúradh.
Tá an grúpa anois ag díriú ar “Phlean B” agus ag lorg cinn scríbe eile a mbeidh fáilte agus ceiliúradh rompu.
Ag labhairt di ar Drivetime RTÉ, shéan Príomhoifigeach Preasa CLG na Palaistíne, Síne Ní Uisce, líomhaintí ón Taoiseach Simon Harris go raibh an tionscnamh “eagraithe gan slacht”. “Téann an cháipéisíocht díreach chuig an Roinn Dlí agus Cirt trí thairseach na hambasáide in Iosrael,” a dúirt sí. “Bhíomar ar ár nglúine ag impí orthu,ag fiafraí ‘cén t-eolasa atá uait nach bhfuil tugtha againn cheana féin?’ ach níor inis siad dúinn.”
Níos luaithe inniu, dhiúltaigh an tAire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan don cháineadh atá déanta ar a roinn, ag maíomh go gcaithfear gach iarratas ar víosa a mheas “go cothrom agus go cruinn”.
Tá croí briste ar lucht eagraithe, ar lucht tacaíochta agus go háirithe ar na páistí, agus tá ceisteanna nua á gcur faoi pholasaí víosaí agus tiomantas daonnúil na hÉireann.