Carthanais ag diúltú ceardchumainn a aithint

Máirtín Mac Eoin

Tá cáineadh láidir déanta ag an gCeardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil (CSTGT) ar roinnt carthanas toisc nach mbíonn siad sásta dul i dteagmháil leis an gceardchumann maidir le pá agus coinníollacha oibre a gcuid foirne.

Deir CSTGT go bhfuil na mílte oibrithe sa réimse seo buailte ag carthanais a dhiúltaíonn dul i dteagmháil leo nuair a dhéanann siad iarracht ionadaíocht a dhéanamh ar son na n-oibrithe, nó a dhiúltaíonn aitheantas a thabhairt dóibh i dtaobh cómhargáil maidir le pá agus coinníollacha oibre.

Dúirt Brendan Carr, eagraí de chuid CSTGT don réimse, gur ábhar déistin dó an cur chuige a bhíonn ag roinnt de na carthanais. Thug sé fimíneacht ar an gcaoi a léiríonn siad iad féin mar chosantóirí na mbocht, ach nach dtugann siad, dar leis, cothrom na Féinne dá bhfoirne.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!