Leanann géarleanúint agus cinedhíothú ar aghaidh faoi chiúnas

Cathal Ó Murchú 

Breis is leathbhliain ó thit rialtas Bashar al-Assad as a chéile ag deireadh 2024 agus teacht i gcumhacht d’antoiscigh Ioslamacha Shunnaíocha sa tSiria faoi cheannas Ahmed al-Sharaa, a bhfuil an t-ainm cogaidh Abu Mohammed al-Jolani air, tá géarleanúint á déanamh acu ar gach pobal faoina gceannas nach mbaineann lena greideamh Ioslamach Sunnaíoch nó lena dtuairimí polaitiúla antoisceacha creidmheacha. Hayat Tahrir al-Sham an t-ainm atá ar an eagraíocht atá faoi cheannas Ahmed al-Sharaa. Bhí aithne air mar Fronta al-Nusra roimhe seo. Táthar den tuairim gur craobh de Al-Qaeda dáiríre é Hayat Tahrir al-Sham. Tá an chuid is mó de chríoch na Siria faoi smacht acu anois, seachas na cúigí sa tuaisceart agus san oirthear ina bhfuil na Coirdínigh i gceannas.

Tháinig Hayat Tahrir al-Sham i gcumhacht tar éis blianta fada d’idirghabháil idirnáisiúnta le linn Chogadh Cathartha na Siria a thosaigh sa bhliain 2011 nuair a thacaigh na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, monarcachtaí Arabacha na Murascaile, Iosrael agus an Tuirc go príomha le fórsaí éagsúla a chuir i gcoinne rialtas Baathach Assad trí airm, airgead, oiliúint, tacaíocht pholaitiúl agus mhíleata a chur chucu. Fuair Hayat Tahrir al-Sham tacaíocht ar leith ó na Turcaigh faoi dheireadh i mí na Nollag 2024. Ní raibh rialtas Assad in ann an brú a sheasamh agus thit sé as a chéile. Leis sin bhí an t-aon chosaint ag na mionlaigh imithe.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.