Dó Amharclann na Mainistreach, 17 Iúil 1951

An Dr Kerron Ó Luain

Amharclann na Mainistreach in 1951.
Grianghraf: RTÉ

Bunaíodh Amharclann na Mainistreach in 1904, aimsir na hAthbheochana, agus leithéidí W.B. Yeats agus an Bhantiarna Gregory chun cinn ina bhunú. Mar a deir an staraí P.J. Matthews faoin amharclann agus an ghluaiseacht mórthimpeall uirthi, “tá a tionchar le sonrú go láidir i gcruth cultúrtha agus sóisialta na hÉireann go fóill”. Dár ndóigh, tá Amharclann na Mainistreach fós linn. 

Mar sin féin, bheadh lucht critice na Gaeilge amhrasach ar thug an institiúid áit mar is ceart don teanga síos trí na blianta, cé go bhfuil roinnt den tuairim go bhfuil feabhas éigin tagtha air sin le blianta beaga anuas. Is scéal é sin do lá eile.

Ach cé go bhfuil an institiúid féin fós ann, ní ar an láthair dhíreach chéanna atá sí is a bhí lá a hoscailte in 1905. Ar an 17 Iúil 1951, dhóigh tine tríd an seanfhoirgneamh adhmaid. An lá roimhe sin léiríodh dráma Sheáin Uí Chathasaigh The Plough and The Stars san amharclann. 

Chuir dráma Uí Chathasaigh alltacht ar lucht féachana nuair a cuireadh ar stáitse é in 1926. Tá an dráma lonnaithe i dtionóntáin Bhaile Átha Cliath agus cháineann sé cinneadh lucht Éirí Amach 1916 an réabhlóid a chur ar bun i mBaile Átha Cliath. Ceistítear chomh maith fiúntas na troda don Saorstát a baineadh amach trí scéalta tragóideacha beirt de na carachtair, Mollser agus Nora. 

Ag clabhsúr an dráma tá saighdiúirí Sasanacha ag canadh Keep the Home Fires Burning, rud, a deir Barry Houlihan, cartlannaí in Ollscoil na Gaillimhe, “a bhí íorónta óir cailleadh scripteanna, páipéir, feistis, agus trealamh na hamharclainne, chomh maith leis an damáiste tromchúiseach a rinneadh don stáitse agus an phríomh-halla”.

Dúirt an léiritheoir Lennox Mac Róibín ag an am, “d’imigh sé i mbladhmanna agus onóir, rud a léirigh onóir a aisteoirí agus drámadóirí. Níor bhásaigh na haistreoirí nó na drámadóirí agus tá tábhacht as cuimse ag Amharclann na Mainistreach inniu mar a bhí inné”. 

Dúirt Earnán de Blaghd faoi, “tá níos mó i gceist le hAmharclann na Mainistreach ná foirgneamh. Is comhlacht atá ann agus tá traidisiún againn le coinneáil beo”. Mhaígh sé, anuas air sin, nár dúnadh an Amharclann riamh, ach i gcás eisceachtúil amháin, le linn Sheachtain na Cásca 1916.

Bhí pobal na hamharclainne meáite ar leanúint ar aghaidh leis an taispeántas. An lá dár gcionn, an 18 Iúil, tháinig Ria Mooney, léiritheoir The Plough and The Stars, agus cuireadh ar stáitse arís é sa Peacock, a bhí slán ón tine, ach nach bhféadfadh ach 102 duine suí ann. 

An lá céanna, d’éirigh le Geoff Golden, ball den amharclann, nóta cinsire ó Chinsire Drámaíochta na Breataine a tharrtháil ón smionagar. Léirigh an nóta, a bhí ag crochadh sa seomra glas, go ndearna an cinsire iarracht roinnt línte ó dhráma J.M. Synge, The Playboy of the Western World, a chuir faoi chois. Thóg fear dóiteáin cloigín na hamharclainne ó na fothracha chomh maith agus úsáideadh é arís in 1966 nuair a d’athoscail an amharclann i bhfoirgneamh nua.

Bhí an scéal faoin loscadh ina cheannlíne ar fud an domhain. Cuireadh feachtas maoinithe, a dhírigh cuid mhaith ar na hGael-Meiriceánacha, ar bun chun an foirgneamh a atógáil. Ba iad Michael Scott agus Pierre Sonrel a dhear an foirgneamh nua agus, cé gur fágadh cuid de na pleananna ar lár de bharr costais agus fadhbanna eile, bhí áit do 628 suíochán san fhoirgneamh úrnua.

Leagadh céad chloch an fhoirgnimh úir ar an 3 Meán Fómhair 1963, agus d’oscail Uachtarán na hÉireann, Éamon de Valera, an amharclann nua ar 18 Iúil 1966. Ba é Recall The Years le Walter Macken an chéad léiriú. Ba iad focail Lady Gregory, á rá ag Angela Newman, an chéad rud a chualathas ar an stáitse nua.

Tá na clocha ón seanfhoirgneamh anois i seilbh Oifig na nOibreacha Poiblí, agus cuid de stair na hamharclannaíochta faoina gcúram.

Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.