Cead Pleanála á lorg ag Ollscoil Uladh i gcomhair ionad teagaisc agus mac léinn ag Coláiste Mhig Aoidh i nDoire

Tá na chéad chéimeanna glactha ag Ollscoil Uladh chun tús a chur le hobair ar champas Mhig Aoidh don ionad úr

Jack Mac Íomhair 

Fógraíodh gur chuir Ollscoil Uladh isteach ar chead pleanála dá nIonad úr teagaisc agus mac léinn ag campas Choláiste Mhig Aoidh. 

Beidh an foirgneamh lonnaithe ar Bhóthar an Fhearainn Thuaidh ar an champas reatha taobh thiar den leabharlann. 

Chuir na dearthóirí McAdam Design ráiteas dearaidh leis an iarratas ag rá go bhfuil sé mar sprioc ag an ionad úr chun cur le háiseanna oideachais agus cur le taithí an mhic léinn.

Tháinig an t-airgead don tionscadal ó Rialtas na hÉireann as Aonad an Oileáin Chomhroinnte agus fógraíodh é i Meitheamh 2023. Dúirt an Taoiseach ag an am, Leo Varadkar, gur léirigh an infheistíocht mórathrú maidir le hardoideachas san iarthuaisceart. Dúirt sé go gcuideoidh sé oideachas a athrú ó bhonn sa réigiún, poist úra a chruthú agus an geilleagar a fhorbairt sa mheántéarma.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.