An Dr. Fearghal Mac Bhloscaidh

Ní haon áibhéil a rá go nochtann an leabhar is déanaí de chuid Chris Moore faoi Áras Cheann Cora i mBéal Feirste fírinní searbha. Scéal coscrach ar mhí-úsáid chórasach leanaí atá ann, ach níos measa fós, scéal faoi na hiarrachtaí d’aon ghnó a rinne stát na Ríochta Aontaithe, go háirithe MI5, leis an uafás a cheilt. Osclaíodh Teach Cheann Cora in 1958 agus é ina thalamh seilge do na foghlaithe gnéis a d’oibrigh ann ón chéad lá riamh. Nochtann Moore ní hamháin corbadh na gcreachadóirí a mhair ar feadh glúine ach ról “stát domhain” na Ríochta Aontaithe chun na beithígh agus figiúirí cumhachtacha sa bhunaíocht Bhriotanach a chosaint.
Tháinig an scannal poiblí chun solais in Eanáir 1980 i ndiaidh tuairiscí in The Irish Independent. Chúisigh na póilíní triúr ball foirne, máistir iomráiteach an tí, William McGrath, san áireamh. B’uafásach ar fad a gcoireanna: ionsaithe gnéis laethúla ar na buachaillí agus gáinneáil ar ghnéas a dhéanamh orthu fud fad an tuaiscirt agus chomh fada le Londain, le go mbainfeadh drong péidifileach mí-úsáid astu. Nochtann taighde Moore, ag brath ar theagmhálacha na gcoirpeach, oifigigh shinsearacha an RUC, agus baill de sheirbhís rúnda na Breataine, duine iomráiteach a bhain leas as an ghréasán ghránna seo, an Tiarna Louis Mountbatten.
Mar bharr ar an donas, bhí an teach céastóireachta seo ina rún oscailte i measc na maithe agus na móruaisle ar feadh na mblianta. Bhí baint mhór ag comhaltaí sinsearacha de sheirbhísí sóisialta Bhéal Feirste agus aturnae na cathrach fiú, John Young, le baill foirne Cheann Cora. Tháinig fianaise chun solais arís agus arís eile, ach cuireadh faoi chois í. In 1973, rinne Roy Garland, iar-chomhghleacaí de chuid McGrath, tuairisc ghutháin don RUC. Níor corraíodh cos. An bhliain chéanna, chuir oifigeach faisnéise de chuid arm na Breataine, Colin Wallace, a chuid tuairiscí i dtaobh Cheann Cora suas slabhra ceannais na spiaireachta. Níor tharla faic na fríde. In 1975, chuir oifigeach faisnéise eile san Arm, Brian Gemmell, tuairisc le chéile a bhí breac le líomhaintí mí-úsáide a fuair sé ó theagmhálacha i measc na ndílseoirí. D’ordaigh oifigeach sinsearach de chuid MI5 dó stop a chur lena imscrúdú ar an toirt.
I rith na 1970idí, scríobh ar a laghad triúr oifigeach de chuid an RUC, Scully, Cullen, agus bleachtaire gan ainm, tuairiscí ag tabhairt le fios go raibh gníomhaíocht choiriúil ar siúl i gCeann Cora. Níor tharla aon rud faoin spéir dá mbarr. Bhí imscrúdú bleachtaire gan ainm in 1975 suntasach ar fad. I ndiaidh dó faire neamhoifigiúil a chur ar an áras, d’aithin sé cuairteoirí nach raibh cúis acu a bheith ann, amhail lucht gnó mór le rá, oifigigh shinsearacha póilíní, polaiteoirí aontachtacha, agus státseirbhísigh shinsearacha Shasanacha ó Oifig Thuaisceart Éireann (OTÉ). Bhailigh sé ainmneacha, uimhirphlátaí, agus grianghraif. Nuair a chuir sé a thuairisc isteach, ní hamháin go ndearnadh neamhshuim di, ach ordaíodh dó a fhiosrúchán a scor. Duine de na daoine a aithníodh ná Peter England, Fo-Rúnaí OTÉ a raibh amhras ann gur péidifileach é, agus é ina oifigeach MI5 chomh maith.
Sa deireadh thiar thall, chuir an t-alt in The Irish Independent (1980) an lasóg sa bharrach. Ach léirigh freagra an stáit go luíonn bunús le tuairim Moore, sin le rá go raibh ceilt chórasach á cur i bhfeidhm ag an leibhéal ab airde faoi choimirce MI5. Ceapadh constábla sinsearach den RUC, George Caskey, leis an scannal a fhiosrú, ach cuireadh a iarrachtaí ó dhoras go córasach. Ainneoin gur chreid sé go raibh “MI5 lárnach ann”, diúltaíodh dó go hiomlán rochtain a fháil ar fhianaise lucht faisnéise nó ar a bhaill fhoirne. Lean bac an cheartais seo ar aghaidh leis na fiosrúcháin oifigiúla. Diúltaíodh cumhacht d’fhiosrúcháin Hughes agus Harte finné MI5 a chur faoi cheist nó a gcuid comhad a iniúchadh. Mar thoradh air sin, bhí a dtorthaí teoranta, agus cuireadh an locht ar fhoireann an árais arís eile. Sop in áit na scuaibe a bhí sa dá fhiosrúchán go dtí seo dar le Moore.
Cíorann Moore an fhianaise go mion le ról lárnach William McGrath agus a cheangail leis na seirbhísí faisnéise a nochtadh. Ba dhuine mór le rá i measc na n-aontachtaithe antoisceacha é McGrath agus dearcthaí ar leith aige maidir le ról na Gaeilge agus nithe eile i bpolaitíocht an aontachtais. Leoga, thug sé “Tara” ar an eagras i bhfad amach ar an eite dheas a bhunaigh sé sna 1960í. Ina theannta sin, áfach, ba ghníomhaí de chuid MI5 é McGrath ón tréimhse chéanna fosta, agus a shaobhnós ar eolas go forleathan i mBéal Feirste agus i measc a lucht láimhseála chomh maith. Ceapadh McGrath ina mháistir tí i lár 1971. Chomh maith le ré an uafáis aige mar “Bheithíoch Cheann Cora”, bhí baint aige le John McKeague, gníomhaire eile de chuid MI5 agus ceannaire de chuid an UDA, agus, McGrath féin a scríobh Cairt do Chumann Cosanta Uladh (UDA), rud a d’fhág gníomhaithe péidifileacha de chuid MI5 mar phearsana lárnacha i mbunú na droinge marfaí ba mheasa le linn na dtríoblóidí.
Cuireann Moore eolas ar ábhar míshuaimhnis é faoi bhráid an léitheora agus ardaítear ceisteanna tromchúiseacha dá bharr. Cén fáth ar chuir MI5 bac leanúnach ar imscrúduithe roimh 1980, agus cén fáth a bhfuil seo go fóill ag tarlú sa lá atá inniu ann? Tagann an fhéidearthacht mhíofar chun cinn gur bhain MI5 úsáid as Ceann Cora mar chluainghaiste le polaiteoirí agus daoine mór le rá a mhealladh agus a sháinniú. Níl mórán amhrais ann , áfach, go léiríonn Ceann Cora go ngníomhaíonn gníomhaithe MI5 gan aon bhaol pionóis. D’fheidhmigh siad, agus tá siad ag feidhmiú go fóill, taobh amuigh den dlí, faoi chosaint ag dreamanna den bhunaíocht sa Bhreatain. Léiríonn eispéireas pearsanta Moore go bhfeidhmíonn MI5 sa BBC agus feall déanta ar fhoinse dá chuid i dtús a fhiosrúcháin sna luath-1980í. Leoga, tógann sé amhras sa leabhar go raibh roinnt iriseoirí a cuireadh go Béal Feirste ina ngníomhairí MI5 le linn an ama. Mar sin de, ní stair an uafáis aonair amháin atá i gceist le Ceann Cora, ach cuid den chóras chorbach ina bhfuil an stát sásta páistí a íobairt chun rúin agus cumhacht a chosaint. Nó “is é Teach Cheann Cora teach taibhsí na dTríoblóidí a mbaineann púcaí leis go fóill.”