Grianstad an tsamhraidh agus Lá Fhéile Eoin

Agus muid i lár an tsamhraidh is fiú breathnú ar na féilte a dhéantar a cheiliúradh an tréimhse seo.

Caoimhín Ó Cadhla

Tá an samhradh linn agus uaireanta bíonn an ghrian ag taitneamh chomh maith. Bíonn ceiliúradh á dhéanamh ag an am seo den bhliain timpeall an domhain. Breathnóimid ar cad a dhéantar in Éirinn.

Grianstad an tsamhraidh sa réamhstair

Bíonn grianstad an tsamhraidh ar an 20 nó 21 Meitheamh sa leathsféar ó thuaidh. Ní bhíonn ceiliúradh ann go traidisiúnta ar na dátaí áirithe sin. Ach an raibh sé mar sin i gcónaí? Tá pasáiste charn Loch Craobh suite i dtreo na gréine do ghrianstad an tsamhraidh, rud a thugann leid dúinn go mbíodh ceiliúradh ann ar an lá sin.

Oíche Fhéile Eoin

Cé nach ndéantar ceiliúradh inniu ar ghrianstad an tsamhraidh b’fhéidir gur athraigh sé go lá eile, is é Oíche Fhéile Eoin, in onóir do Naomh Eoin Baiste. Tá Oíche Fhéile Eoin ar an 23 Meitheamh, an-ghar don ghrianstad.

Féile thine  

Ar Oíche Fhéile Eoin lastar tinte cnámh timpeall na tíre. Go deimhin lastar an oiread sin tinte go bhfeictear go leor acu lasta sa tírdhreach ag an am céanna. Bíonn ceiliúradh pobail i gceist leis na tinte cnámh sin. Bailíonn páistí craobhacha ar feadh cúpla lá roimh ré chun an tine chnámh a ullmhú. Ach lastar tinte eile sa teach agus is ócáid é seo don chlann, ach ní bhíonn aon ragairne i gceist leis an ócáid sin. Uaireanta bíonn lóchrann lasta ag an teaghlach agus bíonn an teaghlach ag siúl timpeall an talaimh atá acu chun torthúlacht a chinntiú don bhliain. Ag an tine phobail bíonn deasghnátha éagsúla ann ar nós dul deiseal timpeall na tine agus paidir nó paidrín a rá. Ach níos dainséaraí fós, bíonn daoine ag léim thar an tine chun ádh a fháil i gcúrsaí éagsúla, mar shampla más bean agus fear ag léim thar an tine le chéile, tá siad ag iarraidh beannacht a fháil dá gcaidreamh. Is féidir a mheas cé chomh maith is a bheidh an caidreamh trí bhreathnú ar ghluaiseacht na mbladhairí. Má léimeann bean thorrach thar an tine, tá sí ag iarraidh a chinntiú go mbeidh leanbh folláin aici.  Bíonn ceol agus rince ar siúl ag an tine chnámh chomh maith.

Míníneacht

Mar chuid den cheiliúradh in áiteanna tugtar amach míníneacht déanta de bhainne, arán bán, siúcra agus spíosraí. Bailíonn páistí airgead ó na comharsana sula dtosaíonn an tine chnámh chun milseáin a cheannach. Bíonn ólachán i gceist chomh maith ag na daoine fásta.

Toibreacha beannaithe

Tá cúpla tobar beannaithe timpeall na tíre a dtéann daoine chucu ar Lá Fhéile Eoin. Ina measc tá Tobar Plancstaí i nDroim Sneachta, Tobar Dhamhnachta i Leamhaí, Tobar Eoin i gColpa, Cnoc Marc, Teach Eoin, Tobar Liagán i Ráth Ara, Tobar Bhreacáin in Eoghanacht in Árainn, Tobar Bhearcháin i gCluain Sosta agus go leor leor eile.

Luibheanna

Bhailítí luibh Eoin Baiste ag an am seo den bhliain mar leigheas, ar Oíche Fhéile Eoin nó ar Shean-Lá Fhéile Eoin idir an 29 Meitheamh agus an 4 Iúil.  Deirtí le páistí a raibh freanga acu ‘An lus mór agus an fréamh a bhaint idir dhá fhéile San Seán agus iad a bhruith ar uisce trí theorainn, iad a chur suas i mbuidéal agus a chumhdach go mbeidh fuachaid agat leo’.  Bhailítí luibh na ndaitheacha sa tréimhse seo do chúrsaí leighis chomh maith. D’úsáideadh cailíní é le tairngreacht pósta a dhéanamh freisin. Bhailítí liathlus agus choinnítí sa teach é ar mhaithe le hádh. 

Nathanna Gaeilge a bhaineann le hOíche Fhéile Eoin 

Ghlaodh na seandaoine Oíche na dTinte Cnámh ar Oíche Fhéile Eoin. Ainm eile a bhíodh acu ba ea Tine Féile Eoin. An té a bhí i bhfeighil ar an tine ghlaoití giolla na tine air. Ba ghnáth paidir a rá ag an tine, ‘In onóir do Dhia agus do Naomh Eoin, agus chun toraidh agus chun tairbhe ar ár gcur agus ar ár saothar, in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, Amen.’  Tá Oíche Fhéile Eoin luaite in Cín Lae Amhlaoibh a scríobh Amhlaoibh Ó Súilleabháin. Scríobh sé ‘Tine chnámh agus sop Sheáin ar gach ardán’. Is é sop Sheáin na lóchrainn a d’úsáidtí an oíche sin. 

An lá inniu

Bíonn ceiliúradh ar Chnoc Teamhrach ar ghrianstad an tsamhraidh gach bliain. Tagann na sluaite chun éirí na gréine a fheiceáil. Bain sult as an am seo den bhliain, mar a dhéanadh ár muintir! 

Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.