
I ndiaidh chliseadh na reibiliúnach ag Ros Mhic Thriúin agus Cnoc Fhiodh na gCaor bhí deireadh le Poblacht Loch Garman na nÉireannach Aontaithe a bunaíodh i mBealtaine 1798 agus a mhair trí seachtaine. Thiocfadh athrú ar an gcineál cogaíochta ina dhiaidh sin. Ní bheadh an bhéim chéanna ar chathanna móra. Chreid ceannairí i dtuaisceart an chontae go bhféadfaí leanúint ar aghaidh leis an treallchogaíocht agus máirseáil isteach i gcontaetha eile chun iad a athneartú agus a spreagadh i dtreo éirí amach in athuair. Bhí trí cholún mhóra reibiliúnach ag feidhmiú sa cheantar le linn na tréimhse seo.
Chuaigh ceann de na colúin seo, ina raibh thart ar 1,000 fear, agus roinnt ban agus páistí, i dtreo Charn an Bhua i gCo. Chill Mhantáin. Bhí fórsaí na Breataine sa tóir ar an gcolún agus b’éigean do na ceannairí, an Ginearál Joseph Holt, agus Denis Taaffe, an treo ina raibh siad ag dul a athrú de shíor chun an dallamullóg a chuir ar fhórsaí na corónach. Ar an mbealach chuig sléibhte Chill Mhantáin, áit a chreid Holt a bheadh níos sábháilte, d’ionsaigh agus mharaigh marcshlua de chuid fgórsaí na corónach buíon sealgaireachta na reibiliúnach.
Thuig na húdaráis Bhriotanacha go raibh baint ag an mbuíon sealgaireachta leis an mórcholún. Réitíodh 200 trúpa, ina measc dragúin, trí bhuíon de na gíománaigh, agus marcshlua na mBriotanach Ársa, marcshlua as an mBreatain Bheag a raibh dhrochcháil orthu le linn an éirí amach as a mbrúidiúlacht. Bhailigh na trúpaí thart ar Mhóin na Saighead le dul sa tóir ar na reibiliúnaigh.

Ach fuair na reibiliúnaigh radharc ar fhórsaí na Breataine. Bhog fórsa de na reibiliúnaigh chun cinn go baile fearainn Bhaile Eilís chun luíochán a réiteach. Roghnaíodh láthair ar an mbóthar a bhí díreach i ndiaidh casadh sa bhealach, agus a raibh díoga agus ballaí eastáit arda ar an dá thaobh de. Cuireadh vaigíní mar bhac ar an mbóthar agus gearradh pointí iontrála sna díoga. Sheas formhór na reibiliúnach taobh thiar de na vaigíní agus in aice na mballaí agus na ndíog. Sheas buíon i bhfad níos lú acu os comhair na mbaracáidí chun fórsaí na corónach a mhealladh isteach sa luíochán.
Nuair a chonaic fórsaí na corónach an dream beag reibiliúnach os a gcomhar, thug siad ruathar fúthu agus iad den tuairim nach raibh ann ach cúlgharda an mórcholúin. Ach nuair a tháinig siad chomh fada leis an gcasadh sa bhealach scaoileadh baráiste urchar orthu agus ní raibh siad in ann éalú agus na reibiliúnaigh ar gach taobh. De réir mar a tháinig tuilleadh den mharcshlua brúdh iad siúd a bhí chun tosaigh i dtreo na reibiliúnach agus ní raibh siad in ann éalú, rud a rinne éasca d’fhir na bpící iad a mharú.
Theith roinnt de na Briotanaigh agus gíománaigh thar na díoga, ach lean na reibiliúnaigh iad agus mharaigh siad iad sna páirceanna máguaird. San iomlán, maraíodh thart ar 60 de na Briotanaigh, dhá oifigeach ina measc, gan aon bhás ar thaobh na reibiliúnach.
Baineadh geit as na húdaráis i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, a ghlac leis go raibh deireadh iomlán leis na reibiliúnaigh i ndiaidh Chnoc Fhiodh na gCaor, nuair a chuala siad faoin mbua i mBaile Eilís. Rinne siad beag is fiú de thuairiscí faoin mbua agus cuireadh líon na dtrúpaí a cailleadh faoi cheilt. D’aithin na húdaráis go mbeadh Cill Mhantáin ina láthair lárnach nua den éirí amach agus bogadh trúpaí ann agus iad ag súil go mbeadh feachtas úr le troid ann.
Lean roinnt de na colúin ar aghaidh ag máirseáil trí Chúige Laighean, ach cliseadh orthu i gCo. na Mí agus i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath, i mBaile Bachaille ar an 14 Iúil, Lá Bastille. Ag breathnú siar ar an méid a thit amach agus é ag scríobh a chuimhní cinn de 1798 sna 1850í, chuir sé as do Miles Byrne, ceannaire óg de chuid na reibiliúnach a throid sna Cogaí Napoléonacha ar ball, nach ndeachaigh na reibiliúnaigh i muinín na treallchogaíochta níos luaithe.
Dár leis an staraí Daniel Gahan, ‘ar deireadh seans gurb é sin an chúis gur chlis orthu’. Léirigh Cath Bhaile Eilís, agus gníomhaíochtaí Mícheál Uí Dhuibhir i sléibhte Chill Mhantáin in 1798 agus i dtú 1799, go bhféadfadh rath éigin a bheith ar an treallchogaíocht. Faraor, ní go dtí aimsir Chogadh na Saoirse (1919-21) a cuireadh i bhfeidhm go héifeachtach í arís.