Agus Féile Cholm Cille díreach thart ar an 9 Meitheamh, agus plé ann anois maidir le saoire phoiblí a dhéanamh den lá, breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar an naomh féin

De réir an bhéaloidis tá 3 éarlamh ag Éirinn, Pádraig, Bríd agus Colm Cille. Tá lá saoire poiblí ann in ómós do Naomh Pádraig aitheanta ó 1903. Tá lá saoire poiblí ann do Bhríd ó 2022 i leith. Mar sin de, níl ach éarlamh amháin fágtha nach bhfuil lá saoire poiblí ann dó, is é sin Colm Cille.
Cérb é Colm Cille?
Rugadh é i nGartán, Tír Chonaill, in 521 AD agus baisteadh Criomhthann air, ainm a chiallaíonn sionnach, mar gheall, b’fhéidir, ar ghruaig rua a bheith aige. Fuair sé an t-ainm Colm Cille níos moille mar leasainm mar gheall ar a chuid ama san eaglais. Ba bhall é den sliocht ríoga Uí Néill. Bhunaigh sé mainistir i nDoire, ar a nglaoitear Doire Cholm Cille anois go minic, mar a raibh seanainm eile, Doire Calgach. Cruithneach ba ea Calgach a ndearnadh rí ar Chruithnigh na Alban de in 75 AD. Bhunaigh Colm Cille mainistreacha i nDairmhaigh, Ceannanas Mór agus Sórd chomh maith.
Le gach bó a lao agus gach leabhar a chóip
Lá amháin fuair Colm Cille iasacht de shaltair, is é sin leabhair de na sailm, ó Naomh Finnín i Maigh Bhile. Thosaigh sé ag cóipeáil na saltaire faoi rún. Fuair Naomh Finnín amach céard a bhí ar siúl ag Colm Cille agus d’iarr sé air an leabhar agus an chóip a thabhairt ar ais. Ach dúirt Colm Cille gur leis féin an chóip agus cuireadh an cás faoi bhráid Ard-Rí na hÉireann, Diarmuid mac Cearrbheoil, chun breithiúnas a dhéanamh ar an aighneas. Ba é an cinneadh a rinne an tArd-Rí ‘Le gach bó a lao agus le gach leabhar a chóip’. Ba é sin an chéad chás cóipchirt sna cúirteanna atá ar taifead ar domhan. Níor ghlac Colm Cille leis an mbreithiúnas. Ní mó ná sásta a bhí an tArd-Rí mar gheall air seo agus chun cur le fearg an Ard-Rí thug Colm Cille tearmann d’fhear a bhí cúisithe ag an Ard-Rí as duine a mharú. Dhaor an tArd-Rí pianbhreith bháis ar Cholm Cille. D’fhear Colm Cille cogadh ar an Ard-Rí agus thosaigh cath idir Uí Néill ó thuaidh, muintir Cholm Cille, agus Uí Néill ó dheas, muintir an Ard-Rí. Chaill an tArd-Rí Cath Chúl Dreimhne. De bharr an tsléachta seo bhí brón ar Cholm Cille agus chuaigh sé ar deoraíocht go hAlbain, ag beartú sé nach dtiocfadh sé ar ais go hÉirinn riamh arís, nach mbreathnódh sé ar Éirinn riamh arís agus nach nglacfadh sé le deoch ná bia ó Éirinn.
Oileán Í
Nuair a shroich Colm Cille Albain, thug Rí Dhál Riada, Conall mac Comgaill, Oileán Í dó chun mainistir a bhunú ansin. Agus é in iarthair na hAlban, bhí sé fós i measc a muintire féin, mar bhí nasc láidir idir an ceantar sin agus tuaisceart Éireann a bhí beirt i ríocht Dhál Riada. De bharr thionchar Cholm Cille cruthaíodh go leor lámhscríbhinní ansin, ina measc Leabhar Cheannanais. Bhí Colm Cille ina thaidhleoir idir na treibheacha Cruithneacha chomh maith.
Iompúchán in Albain
Nuair a chuaigh Colm Cille go hAlbain bhí an págánachas fós láidir i measc na gCruithneach. Bheartaigh Colm Cille an soiscéal a scaipeadh ina measc. D’éirigh le Colm Cille an phríomhchreideamh in Albain a athrú ón chreideamh Cheilteach go dtí an Chríostaíocht. De réir na scéalta d’éirigh leis Ollphéist Loch Nis a chur go grinneall. Sin an fáth nach bhfuil an ollphéist le feiceáil i gceart go fóill!
Tairngreachtaí Cholm Cille
Bhí Colm Cille in ann aingil, diabhail agus spioraid na ndaoine ag fágáil an domhain seo a fheiceáil. Bhí cumhacht na fáidheadóireachta aige freisin, mar shampla, bhí a fhios aige conas a bhí sé féin ag dul a fháil bháis. Scríobh sé iomainn éagsúla ina raibh tairngreachtaí éagsúla a tugadh dó. Ceann de na tairngreachtaí sin ná ‘Gheofar teanga neamhshaothraithe i mbéal gach duine’. An raibh sé ag caint faoin mBéarla anseo?
Oidhreacht Cholm Cille
Is é Colm Cille an phríomhdhuine a thug an Chríostaíocht go hAlbain. Cén fáth, mar sin, a bhfuil San Aindrias mar éarlamh Albain? Tá Leabhar Cheanannais i gColáiste na Tríonóide, ach tá feachtas ann an leabhar a thabhairt ar ais go Ceanannas Mór, ach an mbeadh ceart níos fearr ag muintir Oileán Í an leabhar a fháil de bharr gur cruthaíodh an leabhar ansin? Léiríonn sé seo an nasc láidir Gaelach idir Éire agus Albain agus is breá a fheiceáil go bhfuil an tionscnamh de chuid Fhoras na Gaeilge dar teideal Colmcille ann inniu chun nasc níos láidre a chruthú idir Gaeil na hÉireann agus na Alban.
Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath