Cóilín Duffy
Léirigh captaen Bhaile Chláir, Éabha Ní Riordáin, bród agus mothúcháin ollmhóra tar éis di a foireann a threorú chuig an dara craobh as a chéile dóibh i gcraobh shinsir i bpeile na mban ag Comórtas Peile na Gaeltachta i Ráth Chairn Dé Luain.
Tar éis deireadh seachtaine dian ach taitneamhach, a raibh caighdeán ard peile agus ceiliúradh cultúrtha ann, bhí Ní Riordáin lán de mholadh dá comhimreoirí, dá lucht bainistíochta agus don spiorad a bhaineann leis an gcomórtas féin.
“Is suíomh álainn é i gcónaí,” a dúirt sí le An Páipéar i ndiaidh an chluiche. “Comórtas an-speisialta atá ann. Faighimid deis cultúr na Gaeilge a cheiliúradh agus teacht le chéile mar fhoireann. Tá an leibhéal peile an-ard i gcónaí, agus táimid fíor-bhuíoch as bheith thuas anseo – agus as an mbua a fháil arís.”
Mar chaptaen, dúirt Ní Riordáin gur taithí thar a bheith speisialta a bhí ann.
“Tá sé chomh speisialta. Táim fíorbhródúil as na cailíní agus as an bhfoireann atá taobh thiar dínn. Tá na cóitseálaithe agus gach duine eile go hiontach. Is onóir dom iad a threorú inniu.”
Ag smaoineamh siar ar an mbua anuraidh, dúirt sí gur thug sé spreagadh breise don fhoireann don bhliain seo.
“Thug sé an brú sin dúinn leanúint orainn ag traenáil agus ag obair go crua, agus ba léir é sin ar an bpáirc inniu. Bhí na seachtainí traenála le déanaí le feiceáil go soiléir.”
Le corn eile ag dul siar, dhearbhaigh Ní Riordáin go mbeadh na céiliúradh ag tosú go luath.
“Bíonn cóisir mhaith i gcónaí i mBaile Chláir! Beidh muid ag dul amach anocht, ag fanacht le chéile mar fhoireann agus ag ceiliúradh an bhua speisialta seo.”
Ghlac Ní Riordáin leis an gcorn thar ceann a foirne, os comhair slua mór a bhí fíor-bhuíoch agus bródúil astu.