An Dr. Fearghal Mac Bhloscaidh
‘Ar léigh tú seo riamh?’ ar seisean agus tharraing sé leabhrán beag amach as a phóca agus shín sé dom é.
‘The Murder Machine’ arsa mise, ag amharc ar an teideal. ‘An féidir, a shagairt, gurb é sin an cineál litríochta atá tú a léamh?’
Is as Saol Corrach (1945), dírbheathaisnéis Mháire (Séamus Ó Grianna) a thagann an sliocht thuas. An tAthair Maitiú Mag Uidhir a bhronn an leabhar air agus é mar mhúinteoir i scoil náisiúnta Ros Gearr i gCill Scíre, Tír Eoghain, in 1914. Paróiste beag é ar an teorainn le Fear Manach nach bhfuil thar naoi míle ar fad agus a leath sin ar a leithéid. Ar amhránaí an tsaoil, tá cuntas fairsing eile i nGaeilge ar fáil in An Dá Thaobh (1968) cuimhní cinn Eoghain Uí Cheallaigh tógadh sa pharóiste chéanna. Agus an Ghaeilge i mbéal an phobail ó thuaidh faoi láthair, ba cheart súil siar a chaitheamh ar iarraidh eile lena cur chun cinn sa ‘Tuaisceart Dubh’ agus an dóigh ar cuireadh faoi chois í. I mbeagán focal, tháinig claochlú ar Chill Scíre agus Mag Uidhir i dtús cadhnaíochta. D’fhoilsigh D. P. Moran sraith fá dtaobh de: “Irishisation and How ‘Tis Done.” (Leader, 2 Samhain 1907).
Mhínigh Ó Ceallaigh tionchar Mhig Uidhir i ndiaidh 1906. ‘Bhí sé ina scéal reatha go raibh suim aige in athbheochan na Gaeilge agus go raibh claonadh aige do ghluaiseacht Shinn Féin. Níor thúisce tagtha é ná gur léiríodh do na paróistigh gurbh fhíor an tuairisc maidir lena shuim sa Ghaeilge.’ Cláraíodh 230 buachaill agus 180 cailín sna scoileanna agus eagraíodh scoileanna oíche do dhaoine fásta. Fá 1909, níor chreid Peadar Ó hAnnracháin (1873–1965) an t-amharc a bhí os a chomhair mar ‘we spoke scarcely any Béarla.’ (Sinn Féin, 23 MF 1909). De réir an daonáirimh 1911, bhí 209 cainteoir Gaeilge (30% de Chaitlicigh) i gceantar toghcháin Chill Scíre. Leoga, spreag sé leanaí Protastúnacha [ar thrian den daonra iad] leis an Ghaeilge a fhoghlaim chomh maith. Bhí cur chuige praiticiúil ag Mag Uidhir fosta agus cheangail sé an athbheochan le tionscal áitiúil. Thug sé isteach ranganna eacnamaíochta tí do chailíní agus gairneoireacht fosta.
Chomh maith leis seo, chuir Mag Uidhir an saol cultúrtha agus sóisialta chun cinn. Ghlac 3,000 páirt i bhFeis Chill Scíre in 1907. Bhris na himeachtaí cultúrtha leadrán an tsaoil faoin tuath. Thug Alice Milligan agus a deirfiúr cuairt ar Chill Scíre in 1910 agus scríobh faoin amhránaíocht ann. In ainneoin na n-iarrachtaí a rinne Mag Uidhir le Protastúnaigh a mhealladh, áfach, scríobh Ó Ceallaigh nár ‘thóg Protastúnach páirt i gcomórtais na feise sin ná in aon fheis ó shin i gCill Scíre.’ Bhíodh saol ciúin go leor idir an dá phobal agus d’inis Mag Uidhir do Mháire, ‘Daoine lácha an t-iomlán acu mar a dúirt an bhean a bhí ag déanamh moladh mairbh ar fhear a bhí achrannach i dtús an shaoil.’ Ach gineadh nimh sa scéal nuair a síníodh Cúnant Uladh i Meán Fómhair 1912, agus nuair a thaobhaigh corrfhear de na Protastúnaigh le hÓglaigh Uladh in Eanáir 1913.
Fán Chéad Chogadh Domhanda, ba chosúil go raibh an dá dhream i bpíobán a chéile go dtí gur mhol Seán Mac Réamainn go rachadh Óglaigh na hÉireann i gcabhair ar Shasana. Thug Máire cuntas ar bhuaireamh Mhig Uidhir ‘go dtiocfaidh easaontas sna hÓglaigh’. Sa deireadh, thaobhaigh an sagart le Mac Réamainn agus nuair a ghlac na poblachtaigh seilbh ar Chonradh na Gaeilge an bhliain dár gcionn, cáineadh Mag Uidhir agus beirt eile (Úna Ní Fhaircheallaigh agus Tiarna Ashbourne) a labhair ag Feis Chill Scíre: ‘Bhí daoine … bhí trom ar an Athair Maitiú… Ach caithfidh mé a cheart a thabhairt don Athair Maitiú. Ní raibh rud ar bith ar a intinn san am ach aontacht Gael. Agus b’fhearr a thuig sé feall na Sasana ná cuid dá bhfuair locht air ina dhiaidh sin.’ Níor aontaigh cuid mhaith dá phobal féin le cinneadh an tsagairt, áfach. Chuir Máire síos ar dhearcadh Tharlaigh Uí Néill nó an Gobán a dúirt: ‘is é mo chreideamhsa, má tá ionadaí ar bith ar an tsaol ag an diabhal (agus tá) gurb é impireacht na Sasana é.’
Rinne Ó Ceallaigh trácht ar an Ghobán fosta, ‘Bhí léann maith scoile air agus an-suim aige i gcúrsaí dlí agus níorbh ionadh é nuair a ceapadh é ina bhreitheamh dúiche áitiúil i gCúirteanna na Poblachta. Go déanach oíche áirithe i ndeireadh an earraigh, 1922, tháinig díorma póilíní armtha chun Torry a ghabháil ach bhí mo dhuine ar a fhaichill agus shleamhnuigh sé amach tríd an doras iata agus d’éalaigh faoin dorchadas thar teorainn amach.” Mar a tharla fud fad na hÉireann chuaigh Éirí Amach na Cásca go mór i bhfeidhm ar Mhuintir Chill Scíre agus tháinig bláth ar Chonradh na Gaeilge sa cheantar. Ceapadh Peadar Bocht Ó Donnghaile as an Droim Mór mar thimire an Chonartha agus chuir dlús ceart leis an Chonradh. Oifigeach faisnéise sna hÓglaigh a bhí i bPeadar fosta, agus imtheorannaíodh é in 1922. Fán am seo bhí sé ina chogadh dearg idir na hÓglaigh agus na Speisialtaigh i dTír Eoghain agus an lámh in uachtar ag na Fir Bhuí le linn an ama.

Nuair a cuireadh tús leis na ‘Speisialtaigh’ in 1920, chuir siad géarleanúint leanúnach ar bun in éadan an phobail náisiúnaigh agus na Gaeilge. Mharaigh na Speisialtaigh Proinsias Ó Ceallaigh agus Liam Ó Caiside nuair a scaoil na hÓglaigh feirmeoir Protastúnach de thaisme le linn ruathair. Le linn an tsamhraidh 1922, thug na Speisialtaigh faoi Thomás Seán Ó Gallchobhair, buachaill óg gan bhaint aige leis na hÓglaigh, chuir a chorp trí thine in áith aoil. Níor aimsíodh a chorp riamh. Gabhadh beirt mhúinteoirí, Proinsias Ó Gallchobhair (príomhoide Scoil Náisiúnta Thrí Liag) agus Proinsias Ó Murchú (príomhoide Scoil Náisiúnta Ghabhláin), agus cuireadh ar an long ghéibhinn Argenta i Loch Lao iad. Loisc na Speisialta Scoil Ros Gearr a bhí ina chnámh spairne acu riamh. Chroch siad bratach na Breataine ar fhothrach dubh an tí.
Um chasadh an chéid, bhíodh Gaeil Thír Eoghain ag dúil le fáinne geal an lae is go dtiocfadh rath agus bláth ar theanga agus ar thír agus an athbheochan faoi lán seoil agus Rialtas Dúchais ar na bacáin. Ba léir nach raibh siad ach ag aislingigh i nDúiche Uí Néill mar a bhí Máire féin agus é lonnaithe i gCill Scíre. Fá 1922, luigh mianta agus mórtas Mhig Uidhir faoi smionagar na scoile a thóg sé agus a líon sé le geabaireacht na Gaeilge. Rinne na dílseoirí cinnte de nach mbeadh spás ann don Ghaeilge in Ulaidh Phrotastúnach, agus tá cuid dá sliocht ag leanstan a loirg go fóill.
