Cluiche ceannais sinsir i bpeil na bhfear
Comórtas Peile na Gaeltachta
Bhulf Tón (an Mhí) | 2-18 |
An Tearmann (Dún na nGall) | 3-12 |
Rug Bhulf Tón leo an chraobh shinsir i bpeil na bhfear i gComórtas Peile na Gaeltachta an dara huair in imeacht trí bliana, a bhuíochas le haisfhreagra dochreidte sa dara leath i gcoinníollacha foirfe i Ráth Chairn Dé Luain seo caite.
Agus iad 13 phointe chun gcúil le 14 nóiméad fágtha, choimeád Bhulf Tón a gcéilí comhraic ó Dhún na nGall gan scór ar feadh na coda eile den chluiche chun an corn a ghabháil.
Le tacaíocht láidir áitiúil taobh á mbrú chun cinn, d’aimsigh Bhulf Tón a rithim le cúil ó Fhiachra Ward agus Oisín Martin a chuir iad ar ais sa rás, sular dhaignigh pointí déanacha ó Thomás Ó Rathallaigh, Kyle Ó Moráin agus Caolán Ward an bua.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!