“Uafás is ea é an rud atá ag tarlú do mhuintir Gaza” – an Dr Mike Ryan

Domhnall Mac Concharraige

Dúirt an Dr Mike Ryan, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chlár Éigeandálacha Sláinte na hEagraíochta Domhanda Sláinte, gur uafás é an méid atá ag tarlú sa Phalaistín. Dúirt sé go raibh sé feargach leis an domhan go ligtear dó seo dul ar aghaidh. “Caithfimid ceist a chur orainn féin, cé mhéad fola is leor chun spriocanna polaitúla a bhaint amach? Táimid ag scriosadh chorp agus intinn na bpáistí in Gaza, agus mura ndéanaimid rud éigin faoi táimid comhpháirteach”.

Tá smacht iomlán ag Iosrael ar chúnamh idirnáisiúnta, rud atá fíorthábhachtach do mhuintir Gaza faoi láthair. Chuir Iosrael bac iomlán ar chúnamh ar an 15 Márta go gairid sular bhriseadar an sos cogaidh a bhí i bhfeidhm. Anois tá baol ann go mbeidh gorta ann don 2.5 milliún atá ina gcónaí sa chríoch. Thuairiscigh an ghníomhaireacht sláinte in Gaza gur bhfuair 2,326 duine bás ó briseadh an sos cogaidh.

Thosaigh Ryan ag labhairt faoi na bpáistí in Gaza, roinnt acu gortaithe go dona, fágtha gan leigheas; “tá na mílte páistí ann a bhfuil gortuithe chorda an dromlaigh agus gortuithe cinn acu, agus ní thiocfaidh siad ar ais chucu féin”. Lean sé ar aghaidh, “táimid ag féachaint air seo ag tarlú os comhair ár súl féin agus tada á dhéanamh againn faoi.

An. Dr. Mike Ryan
Grianghraif: Lárionad Eorpach um Chosc agus Rialú Galar

Bhí sé ag labhairt le saineolaithe de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte ina gceanncheathrú sa Ghinéiv san Eilvéis. “Táim feargach,” a dúirt sé. “Mar dhochtúir, táim feargach liom féin as gan a dhóthain a dhéanamh faoi, táim feargach le gach duine anseo. Ní féidir leis seo leanúint ar aghaidh, is uafás é.”

Chuir Oifig an Tánaiste ráiteas amach mar gheall ar chúrsaí sa Phaláistín ar an 2 Bealtaine. Dúirt sé nár ligeadh aon chúnamh isteach le hocht seachtaine anuas, go bhfuil páistí ag fáil bháis de bharr ocrais, go bhfuil ospidéil fágtha gan phianmhúcháin bhunúsacha agus go bhfuil cúrsaí do-ghlachta ar fad. Iarradh sa ráiteas ar gach grúpa páirteach filleadh ar na cainteanna síochána láithreach.

Chomh maith leis an ráiteas ó Oifig an Tánaiste, chuir Oifig an Taoisigh ráiteas amach ag rá gur coir chogaidh é gan cúnamh bia a ligint isteach go Gaza

De bhrí gur theip go hiomlán ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chúnamh ó na heagraíochtaí oifigiúla rinne grúpa amháin faoi leith iarracht cúnamh a thabhairt go díreach chuig muintir Gaza iad féin. Bunaíodh an grúpa Freedom Flotilla in 2006 agus tá siad taobh thiar d’iarrachtaí bia agus leigheas a thabhairt go muintir Gaza ar longa a cheannaíonn siad féin.

Tuairiscíodh le déanaí gur buaileadh an long Conscience le drón tamall tar éis meán oíche. Bhí sí ag seoladh 14 chilliméadar ó Mhálta agus iad ar an mbealach nuair a bhuail drón an long. Thosaigh tine agus bhí ceathrar gortaithe mar gheall ar an drón. Ní dhearna Iosrael aon ráiteas mar gheall ar an ionsaí. Níor chuir lucht an Freedom Flotilla aon ní go díreach i leith Iosrael, ach dúirt siad gur chóir a thabhairt ar ambasadóirí Iosrael ceisteanna a fhreagairt maidir le briseadh dlí idirnáisiúnta. Chuir an long scairt amach ag iarraidh cúnaimh ach de réir an Freedom Flotilla is cosúil go raibh cur isteach de shaghas éigin ag dul ar aghaidh mar chuala siad duine ag rá ar an raidió nach raibh cúnamh de dhíth agus nach raibh ann ach rabhadh bréige.

Níorbh é seo an chéad uair a d’ionsaíodh an Freedom Flotilla. In 2010 bhí sé long de chuid an Freedom Flotilla ag seoladh go hIosrael nuair a ionsaíodh iad. Fuair naonúr bás de bharr bhrúidúlacht Iosrael agus gortaíodh thart ar 30. 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.