Cluiche ceannais camógaíochta Laighean le leanúint ar aghaidh ‘faoi agóid’, na foirne ag beartú brístí gearra a chaitheamh

Iallach ar ghnólacht i gCill Chainnigh postáil a bhaint ó na meáin shóisialta tar éis ‘tacaíocht do bhrístí gearra’

Cóilín Duffy

Tá cluiche ceannais camógaíochta Laighean le leanúint ar aghaidh Dé Sathairn mar a beartaíodh ag Páirc Uí Chuilinn Netwatch i gCeatharlach, na sinsir ag 4.15 pm agus na hidirmheánaigh ag 2 pm, agus tá rún ag na himreoirí ó na ceithre fhoireann ar fad brístí gearra a chaitheamh mar agóid i gcoinne chonspóid leanúnach na scortaí, ach tá siad toilteanach athrú go scórtaí má threoraíonn an réiteoir dóibh sin a dhéanamh.

I ráiteas a d’eisigh Cumann na nImreoirí Gaelacha Dé Céadaoin thar ceann phainéil imreoirí Chill Chainnigh agus Loch Garman a bheidh sa chluiche ceannais, agus imreoirí Laoise agus Cheatharlach a bheidh sa chluiche ceannais idirmheánach, deirtear: “Inniu tagaimid le chéile, aontaithe, le rogha beagnach dodhéanta a dhéanamh mar diúltaíonn údaráis na camógaíochta sin a dhéanamh.

Beimid gléasta i mbrístí gearra ar Pháirc Uí Chuilinn Netwatch Dé Sathairn agus táimid ag iarraidh go léireofar meas ar ár rogha.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!