Gearradh cumhachta sa Spáinn agus sa Phóirtaingéil

Domhnall Mac Concharraige

Bhí an Spáinn agus an Phortaingéil ina gcíor thuathail an tseachtain seo tar éis gearradh cumhachta a d’fhág na milliúin gan chumhacht. Fógraíodh staid éigeandála sa dá thír, cuireadh eitiltí ar ceal agus bhí paisinéirí sáinnithe ar thraenacha ar fud Mhaidrid. Tuairiscíodh nach raibh daoine in ann glaonna a chur, agus bhí aipeanna gutháin ag teacht agus ag imeacht thall is abhus. Tharla an briseadh cumhachta thart faoi mheán lae. Dúirt Príomh-Aire na Spáinne, Pedro Sanchez, oíche Dé Luain nach raibh na cúiseanna ar eolas agus go mbeadh sé go maith gan bheith ag tuairimíocht faoi go dtí go mbeadh na firicí acu. 

Slógadh 15,000 Guardia Civil, agus póilíní cúltaca ar eagla go mbeadh siad de dhíth chun smacht a choinneáil. Bhí ospidéil fós in ann feidhmniú ach bhí siad ag brath ar ghineadóirí eigeandála. Tháinig cumhacht ar ais go mall de réir a chéile. Tuairiscíodh gur tháinig sí ar ais ar dtús i dTír na mBascach agus i Maidrid, agus faoi bhreacadh an lae Dé Máirt bhí cumhacht tagtha ar ais go 99% den tír, ach bhí fós cur isteach ar sheirbhísí, go háirithe an córas traenach i Maidrid.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.