Comhdháil speisialta le reáchtáil ag an gCumann Camógaíochta chun dul i ngleic le ceist na scórtaí

Tá beartaithe ag imreoirí camógaíochta Chorcaí agus Phort Láirge brístí gearra a chaitheamh i gCluiche Ceannais na Mumhan Dé Sathairn

Le Cóilín Ó Dufaigh

Tá an Cumann Camógaíochta tar éis a fhógairt go reáchtálfaidh siad Comhdháil Speisialta ar an 22 Bealtaine i bPáirc an Chrócaigh.

Tá an Chomhdháil Speisialta á glaoch chun rún nó rúin a phlé a thabharfadh rogha do gach imreoir scórta nó bríste gearr a chaitheamh agus iad ag imirt camógaíochta. Faoi thoscairí na comhdhála a bheidh sé glacadh nó diúltú don rún nó do na rúin seo. Tá toscairí ionadaíoch ar gach ball den chumann.

Tá an beart seo á dhéanamh i ndiaidh conspóide an deireadh seachtaine seo caite nuair a cuireadh iallach ar imreoirí ó Bhaile Átha Cliath agus Cill Chainnigh scórtaí a chur orthu féin roimh a gcluiche leathcheannais i gCraobh Shinsir Laighean i gClub CLG Naomh Cúchoigrí  i mBaile Bhlainséir, tar éis dóibh dul chun páirce i mbrístí gearra mar agóid.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!