Ghabh SPTÉ fear i dTúr Dhubhaise an tseachtain seo i ngeall ar an fhiosrúchán ar iarracht Sean O’Reilly a dhúnmharú.
Ghabhadh fear 61 bliain d’aois an tseachtain seo caite mar chuid d’fhiosrúchán bainteach le hiarracht Sean O’Reilly a dhúnmharú i mí Feabhra. Ligeadh amach ar bannaí é go dtí go mbeidh tuilleadh fiosrúcháin ann.
Tháinig 35 oifigeach de chuid Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann chuig an túr arásán in iarthar Bhéal Feirste chun ruathar a dhéanamh ag 9.45 maidin Déardaoin seo caite. Thángthas ar roinnt rudaí amhrasacha le linn an ruathair, agus thosaigh foláireamh slándála dá bharr. Bhí ar níos mó ná céad duine an túr a fhágáil mar gheall ar an fholáireamh. Tuigtear go raibh an scuad diúscartha buamaí ag an láthair fosta. Glacadh roinnt de na rudaí amhrasacha ar shiúl ar son scrúdú dlí-eolaíochta.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!