Bhí iarcheannaire Shinn Féin Gerry Adams os comhair na cúirte le déanaí mar gheall ar líomhaintí clúmhillte i gcoinne an BBC. Tá an cás ina thríú seachtain anois.
Maíonn Adams gur milleadh a chlú i gclár Spotlight in 2016 agus in alt ar líne atá bainteach leis an gclár, nuair a tugadh le fios gurbh é Gerry Adams a d’ordaigh marú Denis Donaldson. Deir sé gur mhaígh an BBC go bréagach gur cheadaigh sé an t-iar-oifigeach sinsearach de chuid Shinn Féin, Denis Donaldson, a mharú.
Scaoileadh marbh Donaldson in 2006. D’admhaigh Donaldson cúpla mí roimhe go raibh sé ina bhrathadóir ag na póilíní agus MI5 ar feadh breis agus scór bliain.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!