Cérbh é Cú Chulainn agus cén fáth a bhfuil sé chomh lárnach sin i miotaseolaíocht na hÉireann?

Tá scéal Chú Chulainn mar chuid den Rúraíocht, scéalta ó Chúige Uladh faoin gCraobh Rua, fórsa armtha Chonchubhair mhic Neasa, Rí Chúige Uladh. De réir an Ollaimh Dáithí Ó hÓgáin thóg Cú Chulainn an áit a bhí ag Fiacc mar phríomhlaoch sna scéalta sin go déanach sa seachtú haois.
Tá sé spéisiúil breathnú na hainmneacha a bhaineann le Cú Chulainn mar tugann siad léirmheas dúinn ar an domhan Ceilteach sa chéad nó dara haois AD. Sular tugadh Cú Chulainn air, ba é Sétanta a ainm. Tá an t-ainm sin an-chosúil le hainm treibhe Ceiltí, na Setantii, a bhí lonnaithe sa dara haois tar éis Chríost sa cheantar a bhfuil Lancashire anois ann in iarthar na Breataine. Tá teoiric ann gur bhog cuid den treibh sin go Contae Lú, agus gurbh ó ainm na treibhe a tháinig an t-ainm Sétanta. Bhí sleá ag Cú Chulainn darb ainm Ga Bolga, atá an-chosúil le treibh Cheilteach eile ar Mhór-Roinn na hEorpa, na Belgae, óna dtagann ainm na tíre an Bheilg. Bhog cuid de na Belgae chun na Breataine, agus is féidir go raibh eolas ag na Setantii orthu. Athair céile Cú Chulainn ba ea Forgall Manach, ainm a eascraíonn ó Manappi, atá an-chosúil le hainm ar ghrúpa amháin de na Belgae, na Menappi.
Ba as Magh Mhuirtheimhne é Cú Chulainn, i gceantar Oiriall i gContae Lú an lae inniu. Bhí aithreacha éagsúla ag Cú Chulainn sna scéalta, an dia Lú agus an duine daonna Sualtaim, ach luaitear Rí Uladh, Conchubhar mac Neasa, mar athair leis freisin.
Ó bhí an-dúil ag Cú Chulainn san iomáint shílfeá go mbeadh traidisiún láidir iománaíochta i gContae Lú agus Deisceart Ard Mhacha, ach má bhí tráth níl anois. Ach cruthaíodh comórtas, Poc Fada na hÉireann, i Sléibhte Chuaille i, 1960 i gcuimhne ar éachtaí iomána Chú Chulainn. Bhí sé de nós ag Cú Chulainn taisteal ó Dhún Dealgan thar Shléibhte Chuaille go hEamhain Mhacha ag buaileadh an tsliotar leis an gcamán agus ag rith leis chun breith ar an sliotar sula dtitfeadh sé go talamh arís.
Tá sé ráite ag scoláirí Ceilteacha go bhfuil Táin Bó Cuailnge mar chuid mhórlitríocht na hEorpa, é ar chomhchéim le Iliad na Gréige.
Tá sé spéisiúil gur laoch é Cú Chulainn ní hamháin ag poblachtaigh ach ag dílseoirí chomh maith. Bhí an-dúil ag an bPiarsach i scéalta Chú Chulainn mar bhí suim aige sa chultúr Gaelach. Ach breathnaíonn dílseoirí ar Chú Chulainn mar laoch de chuid Chúige Uladh a rinne an chúige a chosaint ar Fhir Éireann.
Beidh scéalta Chú Chulainn le léamh sa chéad eagrán eile. Coinnígh súil amach dóibh mar is scéalta iontacha iad!
Ach idir an dá linn má tá tú ag iarraidh léamh faoi Chú Chulainn níl leabhar níos fearr ná Táin Bó Cuailnge le Darach Ó Scolaí ó Leabhar Breac.
Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath