
Níor tugadh mórán airde air sna meáin mhóra, ó dheas ar aon chuma, ach mheas mé go raibh sé spéisiúil gur labhair Colum Eastwood, iarcheannaire Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre (PSDLO), amach ag moladh comhoibriú idir an páirtí sin agus Sinn Féin ar son aontacht na hÉireann.
D’iarr sé ar an bpáirtí is mó a bhíonn i gcomórtas lena pháirtí féin ‘cúis choiteann lasmuigh de chomórtais toghcháin’ a chur chun cinn.
Athrú mór ina dhearcadh féin atá ann, mar níl ann ach trí bhliana ó shin go ndúirt sé go raibh Sinn Féin dírithe ar a leas féin seachas ar fheabhsú ar shaol an ghnáthdhuine ó thuaidh.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!