An Dr. Fearghal Mac Bhloscaidh
Ar an 17 Bealtaine 1974, phléasc dílseoirí buamaí i mBaile Átha Cliath agus i Muineachán, inar maraíodh 27 duine. Luaigh Peter Taylor teoiric chomhcheilge gur ghníomhaigh de chuid sheirbhísí faisnéise na Breataine a bhí taobh thiar de seo, chun brú a chur ar rialtas an deiscirt dul i ngleic níos déine le hÓglaigh na hÉireann. Níor stad na líomhaintí idir an dá linn. Chuir clár faisnéise teilifíse in 1993 in iúl go raibh baint ag Robert Nairac leis na buamaí agus le hár Miami Showband i mí Iúil 1975.

Íomhá: Leabharlann Phoiblí Bhaile Átha Cliath/Flickr
Ach sa tuarascáil oifigiúil a rinneadh in 2003, mhaígh an Breitheamh Barron gur tháinig sé ar fhianaise a léirigh claonpháirteachas aonair, ach níor éirigh leis a chruthú go raibh claonpháirteachas córasach ann.
Tá sé seo casta go maith, go háirithe nuair a chuimhnítear ar na cainteanna rúnda a bhí ar siúl ag an am idir gníomhaithe Sasanacha agus Comhairle Airm na Sealadach. D’eascair sos cogaidh as na comhráití sin in 1975, ach scrios gníomhartha foréigneacha na ndílseoirí an iarracht síochána seo.
Níl mórán amhrais ann anois go raibh dlúthchaidreamh idir seirbhísí faisnéise na Breataine (an t-arm agus na póilíní) agus an Drong Ghleanáin. Mar shampla, maíonn Anne Cadwallader gur chosain na póilíní Robin “an Seacál” Jackson, agus é i dtús cadhnaíochta i ré in uafáis i dtriantán an dúnmharaithe sna 1970í.
Ní mór a chuimhneamh gur tréimhse dhorcha dhuairc a bhí ann. Díreach sular thug na Sealadaigh aghaidh ar bhóthar na síochána, phléasc siad sraith buamaí i Sasana, lena n-áirítear buamaí Birmingham inar maraíodh saighdiúirí agus sibhialtaigh araon. Tarraingníodh droch-chlú orthu dá bharr agus shocraigh ceannairí amhail Ruairí Ó Brádaigh agus Daithí Ó Conaill nach raibh sé réasúnta leanstan leis an choimhlint má tá cosán polaitíochta ar fáil. Ar na mallaibh, rinne deirfiúr an íospartaigh, Julie Hambleton, líomhaintí gur imir MI5 ról sa tslad!
Nuair a thosaigh an cogadh, shíl ceannairí na nÓglach nach mairfeadh sé chomh fada le Cogadh na nDúchrónach (1919-1921). Ach ceithre bliana ina dhiaidh sin, bhí an choimhlint ag dul in olcas. Bhí orthu dul i ngleic le réaltacht a bhí ag éirí níos deacra. Thuig siad nach mbeadh Éire aontaithe ann láithreach ná go luath, fiú i ndiaidh dóibh é a éileamh ag cruinniú Cheyne Walk in 1972, nuair a bhuail siad le William Whitelaw (Rúnaí Stáit na Ríochta Aontaithe) le linn an tsosa cogaidh deiridh.
Is doiligh solas na fírinne a chaitheamh ar chathair ghríobháin na seirbhísí faisnéise Sasanacha, go háirithe mar gheall ar an iomaíocht inmheánach a mhair eatarthu. Bhí dream i Sasana a raibh a saith d’Éirinn acu agus gan mórán measa acu ar na hAontachtaithe ach an oiread. Ach i ndiaidh don Bhreatain stát Oráisteach a bhunú sna 1920í, le forlámhas Protastúnach a dhaingniú ar mhaithe lena cuspóirí impiriúla, ba léir gur chruthaigh sí arracht Frankenstein nach raibh sí in inmhe a smachtú.
Ina theannta sin, ní raibh bunaíocht na Breataine d’aon ghuth maidir le ceist na hÉireann. Mar shampla, dúirt an tAire Stáit ón Lucht Oibre Merlyn Rees gurbh ionann Stailc Oibrithe Uladh agus éirí amach Protastúnach in éadan Chomhaontú Sunningdale, agus nach raibh sé de chumhacht ag rialtas na Breataine iad a scaoileadh ar na sráideanna. Ní raibh deacracht ag an arm chéanna a leithéid a dhéanamh ar an phobal náisiúnach, áfach! Ba é seo an cúlra sula ndeachaigh MI6 i mbun cainteanna leis na hÓglaigh.
Fiú roimh na comhráití seo, bhí Harold Wilson agus Rees féin i dteagmháil le Comhairle Airm na nÓglach in 1972, agus Páirtí an Lucht Oibre sa fhreasúra. Ach nuair a tháinig siad i gcumhacht arís, ní raibh Rees ar an eolas go raibh oifigigh faisnéise cheana féin ag plé leis na Poblachtaigh. Ba é Michael Oatley (“an dreapadóir sléibhe”) an gníomhaí ba thábhachtaí sa phróiseas rúnda seo.
De réir Peter Taylor, ní raibh a fhios ag Rees cad é a bhí ar siúl ag MI6, agus tharlódh an rud céanna le Patrick Mayhew nuair a athosclaíodh na cainteanna rúnda in 1993. Ba é Brendan Duddy nó nasc Dhoire an duine is tábhachtaí maidir leis na cainteanna seo a lean i dtreo shos 1975 agus níos faide anonn.
Tá fianaise ann go raibh daoine áirithe in MI5 ag teacht salach ar na hiarrachtaí síochána seo. Leoga, mhaígh Colin Wallace go raibh “Oibríocht Clockwork Orange” ar siúl—feachtas rúnda chun rialtas Harold Wilson a scrios. Ina theannta sin, mhaígh sé gur cheil MI5 eolas ar dhrochíde i dTeach Cheann Cora ar mhaithe lena ngníomhaithe a chosaint. Chreid Wilson féin go raibh comhcheilg ann ina éadan. Nuair a d’ordaigh Thatcher fiosrúchán, áfach, cheartaigh MI5 a gcuid obair bhaile féin.
Tá cuma ar an scéal, áfach, go raibh baint ag MI5 le cliseadh Chomhaontú Sunningdale, leis an talamh a bhaint den tsos cogaidh (1975) trí chlaonpháirteachas le dílseoirí agus le foréigean seicteach a chothú (1974-75) chun cainteanna leis na Sealadaigh a scrios. Ina theannta sin, rinne Ken Livingstone líomhaintí go ndearna grúpa in MI5 iarracht tochailt faoi Wilson, gur spreag siad feachtas sceimhle na ndílseoirí chun an foréigean a thoiseacht arís agus go raibh dlúthbhaint acu le Colin Wallace agus Airey Neave, dlúthchara agus meantóir Thatcher.
Leanfar le scéal na Síochána Caillte an tseachtain seo chugainn.
Is léachtóir sinsearach in gColáiste Ollscoile Mhuire, Béal Feirste, é an Dr. Fearghal Mac Bhloscaidh. Cíorann a thaighde na naisc idir an aicme, an seicteachas agus an idé-eolaíocht. Bhí sé ina chomh-eagarthóir ar Bread Not Profits: Provincial Working-Class Politics during the Irish Revolution, a foilsíodh in 2022.