Stailc oibrithe sláinte curtha ar ceal

Eoin Ó Murchú

Cuireadh ar ceal an lá stailce agus gníomhaíocht thionsclaíoch eile a bhí beartaithe ag oibrithe sláinte don Luan seo caite. Bhí na ceardchumainn ag gearán go raibh lucht na bainistíochta ag iarraidh uas-srian ar líon oibrithe a thabhairt isteach beag beann ar riachtanais na seirbhíse.

Bhí gearán faoi leith ag na haltraí go bhfuil deacrachtaí ann go háirithe nuair a ghlacann comhaltaí den cheardchumann le saoire mháithreachais, toisc nach bhfostaítear altraí ionaid.

Dúirt Phil Ní Shéaghdha, ard-rúnaí Chumann Altraí is Ban Cabhrach na hÉireann, go bhfuil scéal an mháithreachais an-tabhachtach i ngairm a mbíonn mná go háirithe fostaithe inti.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!