Máithreacha gafa ag agóidíocht ar son Gaza

Eoin Ó Murchú

Léirigh polaiteoirí den eite clé fearg gur gabhadh deicniúr bhan den eagraíocht Máithreacha i gcoinne Cinedhíothú ag tús na seachtaine ag agóid taobh amuigh de theach Laighean, in éineacht le fear amháin faoi alt a 8 den Acht um Cheartas Coiriúil.

Ag labhairt sa Dáil faoi an lá dar gcionn cháin Richard Boyd Barrett ó Phobal seachas Brabús, a tharla dona mná, agus é ag rá go ndearnadh lomchuardach ar bhean amháin ar a laghad – lomchuardach nach raibh aon gha leis, dar leis. 

“Baineadh mo chuid éadaigh ar fad díom,” dúirt bean amháin, “go raibh mé go hiomlán nocht agus iarradh orm mo chuid fo-éadaí a bhaint. Nuair a d’fhiafraigh mé cén fáth go raibh gá atá leis seo, dúradh liom go gcuirfí iallach orm go foréigneach, mura gcomhlíonfainn,” a dúirt sí.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!