Dúirt ceannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh nach bhfuil an argóint faoin chomharthaíocht ina géarchéim ach go bhfuil an t-achrann faoi dhrochphróiseas
D’fhógair an tAire Bonneagair in Stormont, Liz Kimmins, an tseachtain seo caite gur fhaomh sí £145,000 don chomharthaíocht dhátheangach sa Mhórstaisiún Lárnach i mBéal Feirste. Ó shin i leith tá teannas ag méadú sa Tionól faoin chinneadh. Dúirt Ceannaire an Pháirtí Dhaonlathaigh Aontachtaigh, Gavin Robinson, an tseachtain seo caite go raibh sé ar intinn ag an pháirtí ‘marc a chur síos,’ san Fheidmeannas maidir leis an chinneadh. Ag tús na seachtaine dúirt an LeasChéad-Aire, Emma Little-Pengelly, go mbeidh an cheist á plé ag an Fheidhmeannas fosta. Dúirt sí fosta nach ngabhann an DUP aon leithscéal as ceisteanna a chur maidir leis an dóigh a gcaitear airgead poiblí agus go raibh oibleagáid dhlíthiúil ar an aire an cheist a chur os comhair an Fheidhmeannais.
Síleadh go mbeadh fadhbanna ag an fheidhmeannas maidir leis an mhéid a bhí ráite ag an Pháirtí Dhaonlathach Aontachtach, agus go mbeadh bagairt ann go mbeadh na hinstitiúidí i mbaol arís. Ach is léir go raibh Gavin Robinson ag iarraidh an imní sin a chur faoi chois. Dúirt an ceannaire aontachtach gur drochphróiseas a bhí ann agus gur ghlac an t-aire cinneadh airgead a chur amú gan plé polaitiúil.

Tá cáineadh déanta ag Páirtí Aontachtach Uladh agus Glór Traidisiúnta na nAontachtaithe fosta. Dúirt CTR (Comhalta den Tionól Reachtach) de chuid Shinn Féin, Declan Kearney, go bhfuil an teanga beo bríomhar ar fud an oileáin in ainneoin stair ghéarleanúna agus leithcheala. Dúirt sé go dtacaíonn Sinn Féin le cearta Gaeilgeoirí.
Dúirt urlabhraí ó Translink Dé Máirt go raibh tús curtha leis an obair dearaidh maidir le comharthaíocht fhisiciúil agus na hinnill ticéid i ndiaidh fhógra na Roinne. Ach fógraíodh tráthnóna Dé Máirt nach mbeidh Translink ag leanúint leis an obair mar gheall ar chaingean dlí a thosaigh an gníomhaí dílseora Jamie Bryson. Dúirt urlabhraí ón Roinn nach mbeidh sé cuí ráiteas a thabhairt mar gheall ar imeachtaí dlí féideartha.