Glaoitear Laethanta na Bó Riabhaí ar na chéad laethanta de mhí Aibreáin. Cén fáth?

Ag an am seo den bhliain ní bhíonn a fhios agat cén saghas aimsire a bheidh agat. Amanna is féidir leis a bheith te agus amanna is féidir leis a bheith fuar. Tá cáil ar an am seo mar thréimhse fhuar, cé go mbíonn téamh le mothú timpeall Lá le Pádraig. Bíonn sé chomh fuar sin an tráth seo bliana go mbíodh baol báis ann annalód d’ainmhithe agus seandaoine. Ach níorbh é an fuacht an t-aon bhaol. Faoin am seo den bhliain fadó ní bhíodh mórán bia fágtha do dhuine ná d’ainmhí agus b’éigean cibé bia a bhí fágtha a chur ar ciondáil.
Ach cén bhaint atá ag bó riabhach leis an am seo den bhliain? De réir scéil bhí bó riabhach mhórtasach ann a cheap go mairfeadh sí mí an Mhárta, fiú agus ganntanas bia ann. Ach fuair mí an Mhárta trí lá ar iasacht ó mhí Aibreáin chun mí an Mhárta a dhéanamh níos faide, agus chun a chinntiú nach mairfeadh an bhó. Dar ndóigh is meafar é seo do na feirmeoirí faoi thréimhse dheacair a bhí ann chun na hainmhithe a choinneáil beo.
I dtuaisceart na hÉireann bhí scéal ann gur ghlac mí Aibreáin naoi lá ar iasacht seachas trí lá, mar atá le feiceáil sa rann seo:
Trí lá lomartha an loin,
Trí lá scuchta an chlochráin,
Agus trí lá na bó riabhaí.
Ghlaoitear mar sin ‘na laethanta iasachta’ ar na chéad naoi lá d’Aibreán. Sa scéal ó thuaidh bhí an lon dubh, an clochrán (éan ar a gcuirtear an caislín cloch freisin) agus an bhó riabhach, is é sin le rá bó ghlas, ag iarraidh maireachtáil trí mhí an Mhárta, ach d’iarr mí an Mhárta naoi lá ar Aibreán chun a chinntiú nach mairfeadh siad.
Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.