Amhrán na Seachtaine: Dilín Ó Deamhas

Cúrfá
Dilín ó deamhas ó deamhas
Dilín ó deamhas ó dí
Dilín ó deamhas ó deamhas ó deamhas ó
Dilín ó deamhas ó dí

Cuirfead mo rún chun suain,
Cuirfead mo rún ‘na luí,
Cuirfead mo rún chun suain go ciúin,
Le dilín ó deamhas ó dí.

(Cúrfá)

Is buachaill maith súiste súist’
Is buachaill maith súiste Páid,
Is buachaill maith súiste súiste súist’
Is cailín deas túirn’ í Cáit.

(Cúrfá)

Is buachaill aniar aniar,
Is buachaill aniar an fear,
Is buachaill aniar aniar aniar,
‘S is cailín ón sliabh a bhean.

(Cúrfá)

Caithimid suas is suas é,
Caithimid suas an páiste,
Caithimid suas is suas is suas é,
‘S tiocfaidh sé anuas amárach.